Skip to main content
Normal View

Stádas Scoile

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 March 2022

Thursday, 24 March 2022

Questions (271)

Éamon Ó Cuív

Question:

271. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cad iad ainmneacha na scoileanna iar-bhunoideachais a bhfuil stádas, scoil bheag, acu agus an líon scoláirí i ngach scoil; cad é an líon scoileanna iar-bhunoideachais sa tír a bhfuil líon scoláirí níos lú acu ná mar atá ag an gceann is mó de na scoileanna a bhfuil stádas scoil bheag acu; cad é ainm gach scoile acu agus an líon scoláirí atá iontu; cén fáth nach bhfuil an stádas seo ag na scoileanna seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15630/22]

View answer

Written answers

Foilsítear na critéir a úsáidtear chun múinteoirí a leithdháileadh ar scoileanna gach bliain ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Is scoileanna Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) iad na scoileanna a bhfuil an Teachta ag tagairt dóibh.

Soláthraíonn an Roinn leithdháileadh foirne do gach BOO agus is faoi Phríomhfheidhmeannach na scéimeanna BOO lena mbaineann atá sé an leithdháileadh foirne sin a dháileadh, poist i Scoileanna Beaga san áireamh.

Top
Share