Skip to main content
Normal View

Scoileanna DEIS

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 April 2022

Tuesday, 26 April 2022

Questions (950)

Éamon Ó Cuív

Question:

950. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén fáth nár tugadh stádas Deis do bhunscoil (sonraí tugtha) nuair atá stádas Deis ag gach scoil thart orthu agus ag an meánscoil a bhfreastalaíonn iar-dhaltaí na scoile uirthi; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21118/22]

View answer

Written answers

D’fhógair mé le déanaí go ndéanfar an clár DEIS a leathnú chuig 310 scoil bhreise ó mhí Mheán Fómhair seo chugainn. Bainfidh 37 scoil leas as tacaíochtaí breise i ndiaidh an athaicmithe chomh maith. Sainaithníodh scoileanna lena gcuimsiú sa chlár trí shamhail bheachtaithe aitheantais DEIS ar samhail oibiachtúil, bunaithe ar staitisticí í. Ní raibh sé ceangailte ar scoileanna iarratas a dhéanamh ar chuimsiú sa chlár DEIS agus cuireadh an tsamhail i bhfeidhm go cóir cothrom i ngach scoil.

Tá mo Roinn tiomanta dá chinntiú go gcaithfear go cóir agus go cothrom le gach scoil ar an mbealach a sainaithníodh iad lena gcuimsiú sa chlár DEIS. Beidh deis anois ag scoileanna nach raibh sásta leis an toradh nuair a cuireadh an tsamhail aitheantais DEIS i bhfeidhm ar a sonraí rollaithe scoile le hathbhreithniú a dhéanamh ar an toradh sin.

D’fhoilsigh mo Roinn Imlitir 0019/2022 ina dtugtar breac-chuntas ar shonraí an phróisis achomhairc sin le déanaí agus tá sé ar fáil ag www.gov.ie/en/circular/7e7ca-deis-identification-2022-appeals-process-for-schools/

Thug mo Roinn fógra faoin bpróiseas achomhairc do gach scoil ar an 30 Márta 2022. Tá go dtí 5pm Dé hAoine 29 Aibreán ag scoileanna chun achomharc a chur isteach.

Top
Share