Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Thursday - 5 May 2022

Thursday, 5 May 2022

Questions (24)

Catherine Connolly

Question:

24. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte 15507/22, cén dul chun cinn atá déanta maidir le plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach atá faofa ag an Aire le tamall fada, agus go háirithe, an ndeimhneoidh sí go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22180/22]

View answer

Written answers

Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo, rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

Tuigtear don Roinn nach bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sa cheantar go fóill, áfach, ach go bhfuil céimeanna idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun dlús a chur le rudaí gan tuilleadh moille i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú an phlean. Cuimseofar sa chur chuige seo earcú Oifigeach Pleanála Teanga.

Mar a bhaineann sé leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta go ginearálta, tá pleananna teanga i leith an 26 limistéar ina iomláine ceadaithe faoin bpróiseas.

Top
Share