Mar is eol don Teachta, rinne Uachtarán na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a shíniú ina dhlí ar 22 Nollaig 2021. Sonraíodh faoi fhorálacha ábhartha an Achta go mbunófar an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis achtú an Achta. Beidh ról lárnach ag an gCoiste i gcur chuige comhordaithe a stiúradh chun a chinntiú go n-earcófar líon dóthanach pearsanra le Gaeilge chun seirbhísí a sholáthar mar aon lena fheidhmeanna eile, mar a sonraítear san Acht iad, a chomhlíonadh.
Ag teacht leis an méid sin, tá na próisis chuí sa tsiúl le cinntiú go ndéanfar an Coiste Comhairleach a bhunú faoin agus go ndéanfar an Plean Náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú a fhoilsiú, mar atá sonraithe san Acht, laistigh de dhá bhliain ón dáta sin.
Maidir le comhaltas an Choiste - seoladh próiseas earcaíochta don ionadaí ar LPT Ghaeltachta agus don ionadaí eile ar limistéir den Stát nach LPT Gaeltachta é tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar 15 Márta 2022 agus tá an próiseas roghnúcháin á chur i gcrích anois. Maidir leis na hionadaithe ó na heagrais stáit, tá ainmniúcháin faighte agam ón trí eagrais a luadh go sonrach san Acht, is iad sin mo Roinn fhéin; an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí; agus ó 6 chomhlacht poiblí eile a chinn mé a raibh lárnach don phróiseas ábharthach úd seo.
Nochtfar ballraíocht an Choiste Chomhairligh an tseachtain seo.
Táthar ag súil go ndéanfar an chéad chruinniú den Choiste a reáchtáil go gairid i ndiaidh sin.