Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Thursday - 23 June 2022

Thursday, 23 June 2022

Questions (201)

Éamon Ó Cuív

Question:

201. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge bunaithe mar a shonraítear é in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ó tharla go bhfuil an tAcht i bhfeidhm le sé mhí anuas agus go sonraítear san Acht go mbunófar a leithéid laistigh de shé mhí den Acht a bheith rite. [33437/22]

View answer

Written answers

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge ar 20 Meitheamh 2020 - laistigh den spriocdháta sonrach de 6 mhí ó achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Déanfar comhaltas an Choiste a fhógairt níos moille sa tseachtain agus toradh an chomórtais a reáchtáladh tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí curtha in iúl dóibh siúd nár éirigh leo ceapachán a fháil ón gcomórtas. 

Top
Share