Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 7 July 2022

Thursday, 7 July 2022

Questions (148)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

148. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige toisc ról lárnach a bheith ag an nGaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an stáit agus mar theanga náisiúnta i gcultúr na tíre, cé na hiarrachtaí atá curtha chun cinn aige chun a chinntiú go mbeidh deiseanna ar leith ag imircigh, ag dídeanaithe, acu seo a bheidh ag lorg tearmainn agus ag pobail mhionlaigh nach bhfuil taithí acu ar an teanga, ar an nGaeilge a fhoghlaim agus ar lánpháirt a ghlacadh i saol na Gaeilge, mar chuid dá ról mar Aire ar a bhfuil freagracht maidir leis an lánpháirtíocht; an bhfuil an t-ábhar seo pléite aige leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; agus an mbeadh sé sásta ranganna Gaeilge saor in aisce nó ar phraghas íseal, a bheadh ar bun i measc na bpobal sin, agus iad dírithe ar a gcuid riachtanas, a chur ar fáil dóibh mar chuid den phróiseas lánpháirtíochta. [36773/22]

View answer

Written answers

Cé go mbíonn freagracht go ginearálta ormsa mar Aire maidir le polasaí an Rialtais tacú le haghaidh imircigh a imeascadh sa phobal ag féachaint don Straitéis maidir le hImeascadh na nImirceach, é sin ráite titeann na dualgais maidir le hoideachas agus maidir le scileanna teanga na n-imirceach, san áireamh cúrsaí a bhaineann le múineadh na Gaeilge agus le cultúr na tíre, go príomha ar an Aire Oideachais, ar an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ar an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Go dtí seo bhí na gníomhartha a rinneadh faoin Straitéis maidir le hImeascadh na nImirceach dírithe ar fheabhas a chur ar shealbhú teanga agus ar inniúlacht teanga, is í Béarla an teanga a bhí i gceist.

Bhí deontais bheaga (€1,000 - €5,000 do thionscadal) ar fáil ón Roinn do thionscadail bheaga atá bunaithe sa phobal chun tacú le himeascadh phobal na n-imirceach agus pobal óstála faoin gCistiú le haghaidh Imeascadh Pobail, a bhaineann le Gníomh 51 den Straitéis maidir le hImeascadh na nImirceach. Osclaíodh gairmeacha oscailte d’iarratais idir 10 Márta agus 6 Aibreán i mbliana don Chistiú 2022 agus bhí sé mar aidhm an fheachtais seo treisiú le hiarrachtaí an phobail ar fud na tíre maidir le himeascadh na n-imirceach. D’fheadfá deontas faoin gCistiú seo a úsáid i dtreo tionscadal aon uaire nó tionscadal gearrthéarmach agus meántéarmach. Caithfear cur chuige ionchuimsitheach a bheith mar chuid de na tionscadail agus mar chuid de na tionscadail ag iarraidh pobal na n-imirceach agus pobal óstála a thabhairt le chéile agus ba chóir díriú ar níos mó ná grúpa eitneach nó náisiúnach amháin mar chuid de thionscadal. Leagadh amach deich dtéama áirithe a d’fhéadfaí a mheas mar chuid den Chistiú 2022, san áireamh bhí Feasacht Idirchultúrtha, Na hEalaíona, Oideachas agus Taighde Imeasctha. Ar an 24 Meitheamh, 2022, d’fhógair mé gur éirigh le 124 tionscadail pobail maoiniú, san iomlán €566,492.60, a fháil ón gCistiú le haghaidh Imeascadh Pobail. Fógraíodh liosta de na iarrthóirí rathúla ar shuíomh gréasáin na Roinne ar an 24 Meitheamh, 2022.

Question No. 149 answered with Question No. 99.
Top
Share