Skip to main content
Normal View

Gníomhaireachtaí Rannacha

Dáil Éireann Debate, Thursday - 14 July 2022

Thursday, 14 July 2022

Questions (885)

Éamon Ó Cuív

Question:

885. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an dtógfaidh sé ceist le Bord Iascaigh Mhara faoi cén fáth nár sheol siad freagra chugam nuair a d’iarr sé orthu amhlaidh a dhéanamh i dtaca le ceist pharlaiminte a chuir mé ar an 21/6/2022 (sonraí tugtha); an gcuirfidh sé ina luí orthu an tábhacht a bhaineann le ceisteanna den sórt seo a fhreagairt go pras; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39045/22]

View answer

Written answers

Tá sé curtha in iúl dom ag Bord Iascaigh Mhara go raibh na hábhair a d'ardaigh an Teachta á scrúdú aige sular thug sé freagra. Tuigim freisin gur measadh an duine a d’ainmnigh an Teachta a bheith neamh-incháilithe faoin Scéim um Choigeartú Múnla Gnó Iascaigh Chladaigh Brexit, ach go raibh achomharc curtha isteach aige, agus a thaifid díolacháin á nuashonrú aige ar an gCóras Nótaí Díolacháin arna chothabháil ag an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara. Chuir BIM in iúl dom gur measadh gur éirigh leis an achomharc ag eascairt as na taifid díolacháin nuashonraithe agus go ndéanfaidh BIM teagmháil leis an duine an tseachtain seo chun a chur in iúl go n-íocfar an deontas go luath.

Top
Share