Skip to main content
Normal View

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 July 2022

Tuesday, 26 July 2022

Questions (101)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

101. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an ndearnadh aon teagmháil idir a oifig agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun tabhairt faoi shárú a Roinne ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, atá aitheanta ag Oifig an Choimisinéara Teanga, a chur ina cheart maidir le hÉirchód; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40550/22]

View answer

Written answers

Is é Capita, ag trádáil mar Eircode, a shannann Eircode do sheoltaí nua áitribh trí úsáid seoladh bailí poist agus geoshuíomhanna deimhnithe. Bailíonn An Post faisnéis ar gach foirgneamh nua agus reatha, chomh maith le hathruithe ar sheoltaí reatha agus soláthraíonn Suirbhéireacht Ordanáis Éireann na geoshuíomhanna do na foirgnimh seo. Eisíonn An Post GeoDirectory (APG), fochuideachta de chuid An Post agus Suirbhéireacht Ordanáis Eireann (OSi), eagrán nua de chomhad bunachar sonraí GeoDirectory ar bhonn ráithe le Eircode, de réir a gcomhaontú ceadúnais.

Mar fhreagairt don tuairisc a tháirg Oifig an Choimisinéara Teanga, rinne mo Roinn beart ar gach moladh agus bhí an Roinn i dteagmháil le Brainse na Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, chomh maith le forais eile Ghaeilge le go méadófar an líon seoltaí poist a aistrítear go Gaeilge i mbunachar sonraí GeoDirectory.

D’fhonn Acht na dTeangacha Oifigiula, Acht na Logainmneacha agus Orduithe Logainmneacha achtaithe agus ár Scéim Teangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, tá na socruithe cuí déanta ag mo Roinn chun a chinntiú go n-úsáideann mo Roinn logainmneacha oifigiúla ceantair Ghaeltachta mar an réamhshocrú le haghaidh cúiseanna oifigiúla i bhfoilseacháin, i mbunachair shonraí srl. de chuid na Roinne. Tá sé seo amhlaidh fosta maidir le córas Eircode agus dáileadh ráithiúl Eircode nua.

Tá curtha in iúl ag APG do m’oifigigh go bhfuil an Coiste Logainmneacha ag leanúint de chomhad de logainmneacha Gaeilge, ar cuid de sheoladh iad a athraíodh nó a uasdátaíodh, a chur ar fáil do APG. Tá curtha in iúl ag APG do m’oifigigh fosta, go gcuimsítear i mbunachar sonraí GeoDirectory sonraí ar logainmneacha oifigiúla faoi mar atá curtha ar fáil ag an gCoiste Logainmneacha agus go nuashonraítear an bunachar sonraí go rialta le faisnéis a chuireann an Coiste ar fáil.

Top
Share