Skip to main content
Normal View

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 July 2022

Tuesday, 26 July 2022

Questions (1087)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1087. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil aon obair déanta ag a Roinn, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chun beartas ar leith a fhorbairt don oideachas luathbhlianta trí mheán na Gaeilge agus sa Ghaeltacht, go háirithe chun tacaíocht a thabhairt do naíolanna agus naíonraí seirbhísí cúraim leanaí agus réamhscolaíochta a sholáthar trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40552/22]

View answer

Written answers

Tá freagracht fhoriomlán do pholasaí luathfhoghlama agus cúraim ar an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus bíonn m’oifigigh ag obair go dlúth le hoifigigh ina Roinn chun polasaithe a fhorbairt a bhaineann le hoideachas trí mheán na Gaeilge do leanaí réamhscoile.

Tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige chun sraith chuimsitheach gníomhartha a chur i bhfeidhm a comhaontaíodh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bliana don Ghaeilge 2018-2022. Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana, cinntíonn an Roinn go dtarlaíonn cuairteanna cigireachta agus comhairleacha trí mheán na Gaeilge i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim lán-Ghaeilge agus go mbíonn fáil ar raon ábhar agus acmhainní FGL trí mheán na Gaeilge. Tá an Roinn ina ball de Ghrúpa Náisiúnta Maoirseachta na Luathbhlianta a sholáthraíonn comhordú Idir-Rannach maidir le tacaíochtaí don soláthar Luathfhoghlama agus Cúraim (LFC) trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht araon.

Ar cheann de na seacht gcolún tacaíochta tiomnaithe sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 tá soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú. I mí an Mheithimh 2021 foilsíodh Treoir do Scoileanna Gaeltachta: Naisc a threisiú idir bunscoileanna agus suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim. Bhí taighde, a choimisiúnaigh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) thar ceann na Roinne Oideachais, mar bhunús don treoir seo agus tá comhairle phraiticiúil ar fáil lena chinntiú gur eispéireas dearfach é an t-aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil do leanaí Gaeltachta.

Tá polasaí nua don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á fhorbairt faoi láthair. Mar chuid de chuspóirí an pholasaí áirítear creat a sholáthar don oideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí agus i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim (naíonraí) lasmuigh den Ghaeltacht. Tá Coiste Stiúrtha ardleibhéil bunaithe chun maoirseacht, comhairle agus treoir a sholáthar maidir le forbairt an pholasaí agus ar an gcoiste seo tá comhaltaí ainmnithe ó eagraíochtaí lena n-áirítear an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM).

Top
Share