Skip to main content
Normal View

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 July 2022

Tuesday, 26 July 2022

Questions (1359)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

1359. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige an bhfuil aon obair déanta ag a Roinn, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chun beartas ar leith a fhorbairt don oideachas luathbhlianta trí mheán na Gaeilge agus sa Ghaeltacht, go háirithe chun tacaíocht a thabhairt do naíolanna agus naíonraí seirbhísí cúraim leanaí agus réamhscolaíochta a sholáthar trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [40551/22]

View answer

Written answers

Is rud an-luachmhar é tacaíocht a thabhairt do sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge do leanaí óga. Glacann seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí páirt thábhachtach anseo, go háirithe i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga bheo.

Tá mo Roinn ag obair go dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin agus an Roinn Oideachais chun sraith chuimsitheach gníomhartha a chur i bhfeidhm ar aontaíodh iad mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge 2018-2022. Dearadh na gníomhartha seo lena dhearbhú cé chomh tábhachtach agus atá suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí chun forbairt agus athbheochan na Gaeilge a spreagadh. Is í aidhm na gníomhartha seo ná cur leis na bearta, na tacaíochta agus na comhpháirtíochta atá ann faoi láthair i réimse na luathfhoghlama agus cúraim leanaí lán-Ghaeilge, agus feabhas sa bhreis a chur ar na tacaíochtaí agus na seirbhísí seo.

Déantar comhordú idir-Rannach maidir le tacaíochtaí i gcomhair an tsoláthair luathfhoghlama agus cúraim leanaí lán-Ghaeilge, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon, trí Ghrúpa Maoirseachta Náisiúnta na Luathbhlianta (a bunaíodh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana don Ghaeilge). Is iad oifigigh i mo Roinn a chomhordaíonn agus a dhéanann cathaoirleacht ar an nGrúpa seo.

Cheap mo Roinn Comhordaitheoir Tacaíochta Gaeilge níos luaithe i mbliana, ag teacht leis na gealltanais atá sa Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana. Tá an Comhordaitheoir freagrach as an obair a chomhordú chun tacú le forbairt agus úsáid na Gaeilge i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim leanaí lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Stiúrfaidh an Comhordaitheoir seo an earcaíocht do phost eile le haghaidh speisialtóra luathbhlianta Gaeilge in 2022.

Cuireann mo chomhghleacaí an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacaíochtaí sa bhreis ar fáil do naíonraí sa Ghaeltacht trína Roinn.

Oibríonn mo Roinn in éineacht leis an Roinn Oideachais chun na gnéithe dá Polasaí Oideachas Gaeltachta a bhaineann le luathfhoghlaim agus cúram leanaí a chur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, tá mo Roinn ag obair in éineacht leis an Roinn Oideachais i bhforbairt polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Leanfaidh mo Roinn le deiseanna eile a ghlacadh agus a chur chun cinn chun foghlaim agus sealbhú teanga a thacú i luathfhoghlaim agus cúram leanaí, ar aon dul le beartas an Rialtais maidir leis an nGaeilge, mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus sa Phlean Gníomhaíochta Cúig Bliana.

Top
Share