Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo i gCeist Pharlaiminte 47572/22, rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.
I mí Meithimh na bliana seo, d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag lorg áisitheora chun tacú leis an eagraíocht an próiseas pleanála teanga a thabhairt céim chun cinn san LPT seo.
Ceapadh duine i mí Iúil chun seirbhísí áisitheoireachta, meantóireachta agus comhairleoireachta a chur ar fáil d’ionadaithe Choiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach le cuidiú le baill an choiste an pobal a mhealladh agus a spreagadh le bheith páirteach sa bpróiseas agus le tacú leo struchtúr foirmiúil a bhunú leis an bplean teanga atá ceadaithe don limistéar a fheidhmiú.
Chuir mé in iúl roimhe seo go bhfuil siúl ag Údarás na Gaeltachta go mbunófar struchtúr foirmeálta sa Limistéar agus go bhfógrófar post d’Oifigeach Pleanála Teanga roimh dheireadh na bliana. Tuigtear dom go bhfuil na céimeanna cuí á nglacadh chun seo a chur i gcrích.