Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 17 November 2022

Thursday, 17 November 2022

Questions (322)

Éamon Ó Cuív

Question:

322. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an dul chun cinn atá déanta go dáta le forbairt céibh dhomhan mhara i Ros a Mhíl; cén uair a mheastar a thosnófar obair ar an dreideáil agus ar an gcéibh féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57154/22]

View answer

Written answers

Tá comórtas tairisceana ar bun faoi láthair chun tionscadal na cé domhainmhara a sheachadadh ag Ionad Cuain Iascaigh Ros an Mhíl. Tá tuairisceáin tairisceana dlite faoin 22ú Samhain 2022. Ós rud é go bhfuil an comórtas seo tosaithe bheadh sé míchuí dom tuairim bhreise a nochtadh ar an bpróiseas sin.

Top
Share