Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 23 November 2022

Wednesday, 23 November 2022

Questions (234)

Éamon Ó Cuív

Question:

234. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a rachaidh an cead pleanála don ché dhomhainfharraige ag Calaphort Ros an Mhíl in éag; cad iad na pleananna atá ann iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar an gcead pleanála sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [58479/22]

View answer

Written answers

Bronnadh an cead pleanála reatha don ché dhomhainmhara i Ros an Mhíl i mí Aibreáin 2018. Maireann cead pleanála ar feadh 5 bliana de ghnáth. Tá roinnt forálacha reachtacha ann, áfach, lena ndéantar foráil do shíntí, go háirithe i gcúinsí ina bhfuil móroibreacha críochnaithe. Tá mo Roinn ag glacadh comhairle maidir le fad an cheada reatha agus déanfaidh sí iniúchadh ar aon síntí leis an gcead sin más gá.

Top
Share