Tuigtear do mo Roinn ón aiseolas a fuarthas ina leith ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil tús curtha le feidhmiú pleananna teanga i 24 den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT) agus i bpéire den 3 Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) sa Ghaeltacht atá faoina chúram.
Is iad eagrais forbartha pobail, atá aitheanta mar cheanneagraíochtaí pleanála teanga faoin bpróiseas pleanála teanga, atá freagrach as na pleananna teanga a fheidhmiú agus Oifigigh Pleanála Teanga agus Oifigigh Cúnta a fhostú. Déantar é sin le tacaíocht leanúnach airgeadais na Roinne a chuirtear ar fáil don phróiseas tríd Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge de réir mar a bhaineann.
Ag an bpointe seo, tá 28 eagraíocht bainteach leis an bpróiseas sa Ghaeltacht idir 26 Limistéar Pleanála Teanga agus dhá Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.
Faoi láthair tá 25 Oifigeach Pleanála Teanga agus 4 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga i mbun oibre sna LPT agus BSG sin. Tá folúntais d'Oifigeach Pleanála Teanga i 3 LPT - Árainn Mhór, Dún na nGall Theas agus na Déise. Tuigtear don Roinn go mbeidh tús á chur le feidhmiú pleananna teanga sna LPT Bearna/Cnoc na Cathrach agus an tEachréidh go luath - áit a mbeidh Oifigigh Pleanála Teanga ag dul i mbun oibre iontu.
Den 28 ceanneagraíocht thuasluaite, tá an OPT céanna i mbun oibre i gcás 18 de na ceanneagraíochtaí ó thosaigh siad faoi seach ag feidhmiú a gcuid pleananna.
Tá curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil 14 Oifigeach Pleanála Teanga tar éis éirí as a bpost roimh dheireadh a dtéarma ó cuireadh tús le feidhmiú an phróisis 5 bliana ó shin. Baineann sé seo le 10 gceanneagraíocht/limistéar pleanála teanga éagsúla san iomlán. Tuigtear gur bhain cúiseanna éagsúla leis seo, ar nós deiseanna ar phost buan/post ag leibhéal níos sinsearaí, bogadh as ceantar amháin go ceantar eile nó filleadh ar an earnáil ina raibh siad roimhe sin. Tuigtear chomh maith ón aiseolas atá faighte ón Údarás, go bhfuil beagnach gach duine a bhí fostaithe mar OPT fós fostaithe in earnáil na Gaeilge.