Skip to main content
Normal View

Teagasc na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 January 2023

Thursday, 19 January 2023

Questions (256)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

256. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an bhfuil sí ar an eolas faoin tuarascáil atá réitithe le tamall anois ag Sealbhú do CNCM ar an gcomhairliúchán luaithe a bhí ar siúl faoi na sonraíochtaí nua Gaeilge don teastas sóisearach, nó ar chuir CNCM cóip di chuici, an bhfuil sé i gceist í a fhoilsiú go poiblí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2503/23]

View answer

Written answers

I ndiaidh comhairliúchán forleathan, tugadh isteach sonraíochtaí Gaeilge T1 (Teanga 1) agus T2 (Teanga 2) i scoileanna in 2017 mar chuid de chéim 3 de chur i bhfeidhm an Chreata don tSraith Shóisearach (2015). Ba é sin an chéad uair a rinneadh soláthar curaclaim scoite don Ghaeilge, mar fhreagairt d’aiseolas ó pháirtithe leasmhara, do scoláirí a bhí ag foghlaim na Gaeilge in iar-bhunscoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla. Ó fhómhar na bliana 2017 ar aghaidh, tá na scoláirí go léir atá ag tosú ar an tSraith Shóisearach ag foghlaim na Gaeilge de réir mar atá leagtha amach sna sonraíochtaí nua sin.

Mar fhreagairt do na hiarratais a fuarthas ó pháirtithe leasmhara tríd an gcomhairliúchán maidir le dréachtsonraíochtaí T1 agus T2 do Ghaeilge na hArdteistiméireachta le déanaí, chinn Comhairle CNCM athbhreithniú a dhéanamh ar thabhairt isteach luath T1 agus T2 sa Ghaeilge don tSraith Shóisearach. Dá réir sin, tuigim go bhfuil tuarascáil ar thabhairt isteach luath T1 agus T2 sa Ghaeilge don tSraith Shóisearach á tabhairt chun críche ag CNCM faoi láthair.

Top
Share