Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 January 2023

Thursday, 19 January 2023

Questions (392)

Éamon Ó Cuív

Question:

392. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a thosóidh obair ar an gcé dhomhainfharraige i Ros an Mhíl; cen tráth atá i gceist chun cur isteach ar shíneadh ama ar an gcead pleanála don ché; cén uair a rithfidh an cead pleanála amach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2594/23]

View answer

Written answers

Cúis áthais dom a chur in iúl don Teachta Dála go bhfuil sé beartaithe ag na conraitheoirí atá ceaptha chun tabhairt faoi thionscadal na Cé Domhainmhara tús a chur leis an obair ag an láthair sna laethanta beaga amach romhainn. Bhuail ionadaithe ó mo Roinn agus comhairleoirí an tionscadail le hionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe ag tús mhí na Nollag chun cúrsaí pleanála a phlé. Ag an gcruinniú sin, cuireadh in iúl don Roinn go bhfuil an cead pleanála bailí go dtí mhí Iúil mar gheall ar fhorálacha reachtúla a bhaineann le fachtóirí cosúil le tréimhsí saoire agus liúntais eile. Chomh maith leis sin, cuireadh in iúl don Roinn nach mór oibreacha suntasacha a chur i gcrích sular féidir síneadh a chur leis an gcead pleanála atá faighte. Chuige sin, coinneofar súil ghéar ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil leis an tionscadal chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an uair ba cheart aon iarratas pleanála a dhéanamh chun síneadh a chur leis an gcead pleanála atá faighte cheana féin.

Top
Share