Tá lipéadú bia san AE á rialú ag Rialachán (AE) um Fhaisnéis Bhia do Thomhaltóirí (FIC) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a chur ar fáil do thomhaltóirí.
Bunaíodh Grúpa Oibre Tras-Rialtais in 2022 chun Seasamh na hÉireann a fhorbairt maidir leis na cúig ghné atá le hathbhreithniú faoin Rialachán FIC:
1. Lipéadú comhoiriúnaithe cothaithe ar aghaidh an phacáiste a thabhairt isteach;
2. Próifílí cothaitheach a leagan síos chun srian a chur le húsáid maímh shláinte mar uirlis mhargaíochta le haghaidh bianna ard saille, siúcra agus salainn agus srian a chur le margaíocht na mbianna sin do leanaí;
3. Leathnú ar an gceanglas maidir le lipéadú tionscnaimh/bunáitíochta;
4. Na rialacha reatha maidir le marcáil dáta a athbhreithniú;
5. Ceanglas a thabhairt isteach maidir le liosta comhábhar agus dearbhú cothúcháin maidir le deochanna alcólacha.
Is iad cuspóirí an Ghrúpa Tras-Rialtais seasamh na hÉireann ar leasuithe an Choimisiúin ar Rialachán FIC a phlé, a fhorbairt agus a chomhaontú. Níl lipéadú dátheangach mar chuid de shainchúram an Ghrúpa Oibre Tras-Rialtais. Ba cheart a thabhairt ar aird, áfach, i dtrasuíomh na hÉireann ar an Rialachán FIC (Ionstraim Reachtúil 556/2014) go bhfuil rogha ann faisnéis éigeantach faoi bhia a sholáthar go dátheangach.