Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 8 March 2023

Wednesday, 8 March 2023

Questions (102)

Éamon Ó Cuív

Question:

102. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a fuair an Roinn iarratas ar íocaíocht deontais (sonraí tugtha); cén uair a dhéanfar an t-iarratas sin a phróiseáil; cén fáth a bhfuil moill ar an íocaíocht sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11973/23]

View answer

Written answers

Fuarthas an t-iarratas ar dheontas ábhartha na Roinne a bhfuil tagairt déanta dó i mí Bealtaine 2022.

Ar an drochuair tá moill bainteach le próiseáil an iarratais i gceist agus is cás leis an Roinn an mhoill sin ar ndóigh.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de áfach go mbeidh cúram á dhéanamh de gan rómhoill eile agus go mbeifear i dteagmháil mar is gá leis an iarratasóir.

Top
Share