Skip to main content
Normal View

An Garda Síochána

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2023

Tuesday, 21 March 2023

Questions (1072)

Éamon Ó Cuív

Question:

1072. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Dlí agus Cirt cé na comhráití a bhí aige le Coimisinéir an Gharda Síochána maidir leis an dualgas atá air a chinntiú go bhfuil comhaltaí den Gharda a bhfuil Gaeilge acu lonnaithe i ngach staisiún Gaeltachta. [13139/23]

View answer

The following deferred reply was received under Standing Order 51

Mar is eol duit, i gcomhréir le hAcht an Gharda Síochána, 2005 (arna leasú), is é Coimisinéir an Gharda Síochána atá freagrach as riaradh agus gnó an Gharda Síochána a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, lena n-áirítear sannadh acmhainní do limistéir Ghaeltachta. Mar Aire, níl aon ról agam sna hábhair sin. Tá údaráis an Gharda Síochána tiomanta dá chinntiú go gcuirtear seirbhís póilíneachta ar fáil trí mheán na Gaeilge i stáisiúin Ghaeltachta agus i Rannáin le stáisiún Gaeltachta a mhéid is féidir i gcomhthéacs foriomlán seirbhís póilíneachta shábháilte éifeachtach a chur ar fáil ar fud an náisiúin. Le blianta beaga anuas, tá bearta tábhachtacha tugtha isteach ag an nGarda Síochána chun a gcuid oibleagáidí teanga a chomhlíonadh, lena n-áirítear:

• Sruth Gaeilge a thabhairt isteach sa phróiseas earcaíochta, trína gcuirtear 10% de spásanna i ngach comórtas in áirithe do chainteoirí líofa Gaeilge.

• Próiseas leithdháiltí a thabhairt isteach le haghaidh stáisiún Gaeltachta, lenar áiríodh córas athbhreithnithe measúnaithe, arna mholadh ag an gCoimisinéir Teanga, agus, freisin, Painéal Inniúlachta sa Ghaeilge ina n-áirítear comhaltaí a labhraíonn Gaeilge agus ar mian leo fónamh i limistéir Ghaeltachta.

• Deiseanna a chur ar fáil don phearsanra go léir chun a n-inniúlacht sa teanga a fheabhsú.

• Seirbhís ateangaireachta Gaeilge a thabhairt isteach, atá ar fáil don phearsanra go léir agus lenar féidir seirbhísí trí Ghaeilge a éascú mura bhfuil pearsanra le Gaeilge ar fáil chun cuidiú.

Tá dearbhaithe dom go bhfuil líon na gcomhaltaí a labhraíonn Gaeilge á mhéadú go seasta ag an nGarda Síochána i stáisiúin Ghaeltachta ar fud na tíre. Tá an próiseas leithdháilte acmhainní ar fud an náisiúin bunaithe ar dháileadh acmhainní atá ar fáil chun freastal ar riachtanais Rannán ar fud na hÉireann agus aird á tabhairt freisin ar ghealltanais reachtúla i leith na Gaeilge agus ar na gealltanais sin do chomhaltaí den Gharda Síochána a chuaigh isteach san eagraíocht tríd an sruth Gaeilge.

Ina theannta sin, tá an Garda Síochána tiomanta d’úsáid na Gaeilge laistigh den eagraíocht agus sa phobal i gcoitinne a chur chun cinn agus a éascú.

Tá an Garda Síochána ag leanúint orthu ag cur lena ngealltanais tríd an Straitéis Gaeilge, 2022-25. Is féidir rochtain a fháil ar an straitéis ar shuíomh gréasáin an Gharda Síochána: straiteis-gaeilge-an-gharda-siochana-2022-2025.pdf (garda.ie)

Le foilsiú na Straitéise Gaeilge leagtar amach an tiomantas chun tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh ó d’fhorbair an Garda Síochána an chéad phlean gníomhaíochta don Ghaeilge sa bhliain 1988 agus chun plé go hiomlán le lucht labhartha na Gaeilge i bpobail agus oibleagáidí reachtúla uile teanga a chomhlíonadh.

Tá súil agam go gcuideoidh an fhaisnéis seo leat.

Written answers

Táim tar éis dul i dteagmháil le húdaráis an Gharda Síochána le haghaidh na faisnéise a lorg an tAire ach, ar an drochuair, ní raibh an fhaisnéis sin ar fáil in am. Scríobhfaidh mé chuig an Teachta arís a luaithe a bheidh an fhaisnéis ar fáil

Top
Share