Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 March 2023

Tuesday, 21 March 2023

Questions (470)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

470. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an bhfuil miondealú ar na figiúirí idir cainteoirí Gaeilge agus daoine nach iad, de réir údarás áitiúil, a rinne iarratais ar an Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta, agus ar na liostaí feithimh le tithíocht shóisialta, le 10 mbliana anuas, agus mura bhfuil na figiúirí sin ar fáil, an bhfuil sé i gceist ag an Aire a iarraidh ar na húdaráis áitiúla na figiúirí sin a chur ar fáil uaidh seo amach? [13299/23]

View answer

Written answers

Níl an t-eolas atá á lorg sa Cheist i seilbh mo roinne. Is ceist don údarás áitiúil ábhartha é maoirsiú agus bainistiú praiticiúil na liostaí feithimh tithíochta, go hiondúil, de réir Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009, agus na Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta a bhaineann leo.

D'fhéadfadh an t-eolas atá á lorg a bheith ar fáil go díreach ó na húdaráis áitiúla.

Féadfar scrúdú a dhéanamh ar fhéidearthacht na sonraí seo a ghabháil mar chuid den obair ar an gclár oibre níos leithne maidir le hathchóiriú tithíochta sóisialta.

Top
Share