Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 March 2023

Thursday, 30 March 2023

Questions (145)

Éamon Ó Cuív

Question:

145. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist aici deontais chaipitil a chur ar fáil do theaghlaigh a bhíonn ag coinneáil scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le huasghrádú a dhéanamh ar a dtithe, ag tógáil san áireamh an síor-ardú sna caighdeáin tithe a mbítear ag súil leo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15910/23]

View answer

Written answers

Tá mo Roinn tar éis roinnt céimeanna suntasacha breise a ghlacadh le tamall de bhlianta anuas chun cabhrú tuilleadh le córas na gcoláistí Gaeilge.

Sa bhreis ar an deontas atá iníochta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne a bheith ardaithe faoi dhó le bliain anuas fá 20%, chomh maith leis an t-uaslíon scoláirí atá inghlachta chun críche aitheantais faoin scéim a bheith ardaithe ó 12 go dtí 16, beidh a fhios ag an Teachta gur ardaíodh an deontas tosaithe aon uaire ó €2,000 go dtí €6,000 le gairid chomh maith.

De thoradh seo, tá tithe cáilithe a chláraíonn den chéad uair faoi scáth na scéime in ann cúnamh caipitil ar fiú suas le €6,000 a fháil chun cabhrú leis na costais aon uaire a thiteann ar theaghlaigh a bheartaíonn foghlaimeoirí a choinneáil ar iostas leo den chéad uair. Cuimsítear costas troscán áirithe faoin mbeart seo chomh maith le costais áirithe eile. Tá fáil ar thuilleadh eolais faoin scéim ar shuíomh mo Roinne. Níor mhiste a lua go bhfuil teaghaligh cháilithe a bheartaíonn athchlárú tar éis achar ama nach lú 5 bliana cáilithe chun críche chúnamh na scéime chomh maith.

In éindí leis an gcúnamh caipitil sin, beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil fáil ag coláistí Gaeilge iad féin ar chúnamh caipitil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne. Faoin gclár sin, cuirtear cúnamh ar fiú 50% den ollchostas cáilithe ar fáil i gcás coláistí atá i seilbh príobháideach chun uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid áiseanna agus trealamh. Tá cúnamh ar fiú suas le 80% ar fáil i gcás coláistí eile ráta agus chomh hard le 90% iníochta i gcás tograí cáilithe oileánda.

Is féidir a bheith cinnte de go leanfaidh mo Roinn ag faire amach i rith an ama ar bhealaí breise chun níos mó fós a dhéanamh ar son an chórais trí chéile.

Question No. 146 answered with Question No. 141.
Top
Share