Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 April 2023

Tuesday, 18 April 2023

Questions (694)

Éamon Ó Cuív

Question:

694. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén uair a íocfar deontas (sonraí tugtha) le duine i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar; údar na moille leis seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18001/23]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, ardaíodh an deontas aon uaire atá ar fáil do theaghlaigh cháilithe na scéime ó €2,000 go €6,000 mar thaca breise do theaghlaigh Ghaeltachta agus tá na hiarratais ina leith á bpróiseáil ag an Roinn i rith an ama - an t-iarratas atá mar ábhar na ceiste san áireamh.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go mbrúfar gach cás go ceann scríbe chomh luath in Éirinn agus is féidir ach an cháipéisíocht ina leith a bheith in ord agus in eagar.

Top
Share