Skip to main content
Normal View

Curaclam Scoile

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 19 April 2023

Wednesday, 19 April 2023

Questions (55)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

55. Deputy Aengus Ó Snodaigh asked the Minister for Education an bhfuil sí ar an eolas gur laghdaíodh an t-am do mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó 5 uair an chloig sa tseachtain in 1971 go 3.5 uair an chloig sa tseachtain in 1999 agus go bhfuil sé molta anois é a laghdú go 3 uair an chloig sa tseachtain in 92% de scoileanna faoi Chreatchuraclam na Bunscoile (2023), agus ag an am céanna nár tháinig athrú ar na spriocanna foghlama don teanga ná ar an ról atá le himirt ag bunscoileanna i sealbhú teanga i gcaitheamh na tréimhse sin agus dá réir, an féidir leis an Aire aon taighde atá aici, ina léirítear nach raibh gá a thuilleadh leis an uair an chloig go leith a cailleadh in 1999, a roinnt, agus ar an gcaoi chéanna, an féidir léi aon taighde a roinnt ina léirítear nach raibh gá leis an leathuair an chloig atá le cailleadh faoi Chreatchuraclam na Bunscoile (2023) chun na spriocanna foghlama agus an sealbhú teanga céanna a bhaint amach ag an mbunleibhéal. [18426/23]

View answer

Written answers

I gCreatchuraclam na Bunscoile, soláthraítear méadú ar an méid ama a thugtar don Fholláine agus tugtar uair an chloig sa tseachtain freisin chun teangacha iasachta a thabhairt isteach ón tríú rang ar aghaidh. Chun na hathruithe sin a dhéanamh, b’éigean roinnt ama a bhaint ó gach réimse eile den churaclam, teangacha san áireamh.

Faoi mar a sonraíodh roimhe seo (CP 14243), faoi Chreatchuraclam Nua na Bunscoile, níl aon athrú tagtha ar an leithdháileadh ama don Ghaeilge i scoileanna ina ndéantar an teagasc trí mheán an Bhéarla ón leithdháileadh ama faoi churaclam 1999 do na naíonáin shóisearacha agus do na naíonáin shinsearacha (2.5 uair an chloig sa tseachtain) agus tá laghdú de 30 nóiméad déanta air ón gcéad rang go dtí an séú rang (ó 3.5 uair an chloig sa tseachtain go dtí 3 uair an chloig sa tseachtain).

Is mian liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil Am Solúbtha faoi Chreatchuraclam na Bunscoile á thabhairt ar ais agus go dtugann sé sin deis do scoileanna an t-am sin a úsáid le haghaidh tréimhsí breisithe de dhomhainfhoghlaim i gceann amháin nó níos mó de na cúig réimse curaclaim, lena n-áirítear réimse na dteangacha. Ar fud na bliana, d'fhéadfadh scoil cinneadh a dhéanamh Am Solúbtha a úsáid do cheann amháin nó do roinnt díobh seo a leanas nó díobh go léir chun freagairt do riachtanais/dhúshláin maidir le teagasc agus foghlaim sa Ghaeilge:

• Leithdháileadh seachtainiúil sa bhreis ar leibhéal na scoile don Ghaeilge ar feadh téarma/scoilbhliana agus múinteoirí ag ullmhú eispéiris foghlama atá oiriúnach agus saibhir agus iad ag freagairt do riachtanais foghlama a gcuid leanaí

• tréimhsí breisithe de dhomhainfhoghlaim i ngnéithe dá gcuid foghlama sa Ghaeilge (Seachtain na Gaeilge, teanga ó bhéal, filíocht, scéalaíocht, logainmneacha)

• gníomhaíochtaí scoile uile nó rannpháirtíocht i dtionscnaimh agus in imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a bhaineann leis an nGaeilge (drámaí, scéalaíocht, naisc le scoileanna lán-Ghaeilge, cuairteanna ó Ghaeilgeoirí, ceol agus amhráin Ghaelacha, Cúla 4, Foghlaim TG4)

• úsáid a bhaint ar cuir chuige oideolaíocha ar leith a bhaineann tairbhe as tréimhsí ama breisithe (FCÁT - áit a ndéanann múinteoirí réimse eile den churaclam a theagasc trí Ghaeilge thar thréimhse ama).

Rinneadh Creatchuraclam na Bunscoile a fhorbairt trí thaighde agus comhairliúchán suntasach agus is mian liom aird an Teachta a tharraingt ar an taighde atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an CNCM anseo agus ar an staidreamh fadaimseartha Saol Scoile Páistí.

Is mian liom a mheabhrú don Teachta freisin go bhfuil athrú suntasach tagtha ar theagasc agus ar fhoghlaim teangacha i gcoitinne agus go gcreidim gurb amhlaidh a chuirfidh an curaclam nua seo feabhas ar shealbhú teanga sa Ghaeilge. Mholfainn don Teachta féachaint ar an mbonn suntasach taighde atá faoi thabhairt isteach Churaclam Teanga na Bunscoile (CTB), an chéad réimse den churaclam nua a tugadh isteach i ngach seomra ranga bunscoile agus atá ailínithe leis an gCreat nua. Is féidir teacht ar an taighde anseo:

ncca.ie/en/primary/primary-developments/language/the-primary-language-curriculum/.

Curaclam comhtháite teanga is ea CTB ina mbaintear leas as taighde comhaimseartha agus a thacaíonn le haistriú scileanna ó theanga amháin go teanga eile trína struchtúr comhroinnte agus a chur chuige tacúil i dtaca le teagasc agus foghlaim. Tugann CTB aitheantas do na turais foghlama teanga a bhfuil na leanaí go léir orthu i mBéarla agus i nGaeilge. Tugann sé aitheantas freisin don éagsúlacht teangacha, lena n-áirítear Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, a úsáidtear i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta na hÉireann agus baineann sé leas astu. Is féidir liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil mo roinnse tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge inár scoileanna go léir agus go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfí CTB agus Creatchuraclam na Bunscoile ar an iomlán.

Tugann an Tionscadal um Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) de chuid mo roinnese deis do leanaí i suíomhanna um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige (FCL), bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, tumoideachas páirteach sa Ghaeilge a bhlaiseadh agus leas a bhaint as ar mhaithe le hinniúlacht agus muinín na bhfoghlaimeoirí agus a meon i leith na Gaeilge a fheabhsú. I measc na dtionscnamh Gaeilge eile a dtacaíonn mo Roinn leo tá:

• Tacaíocht don chlár Gaelbhratach, scéim duaisbhunaithe ina dtugtar aitheantas oifigiúil do scoileanna atá gníomhach maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na scoile, i gcomhar le Gael Linn trí Fhoras na Gaeilge.

• Cómhaoiniú a dhéanamh ar Fhoclóir Gaeilge/Gaeilge Fhoras na Gaeilge i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (RTCEGSM).

• Ag obair le RTCEGSM chun tacú lena gClár Gníomhaíochtaí um Ealaíona Bunaithe ar an nGaeilge.

• Forbairt Leanúnach ar an gClár Séideán Sí.

Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) ag obair leis an Roinn seo freisin chun a gealltanas maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chomhlíonadh i gcomhréir lena sainchúram.

Tá súil agam go ndearbhaíonn an méid sin don Teachta go bhfuil mo Roinnse tiomanta i gcónaí d’úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc ár bhfoghlaimeoirí go léir agus creidim go mbeidh curaclam nua na bunscoile lárnach sa mhéid sin.

Top
Share