Skip to main content
Normal View

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 May 2023

Wednesday, 3 May 2023

Questions (195)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

195. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad daoine a bhfuil cónaí orthu sa chuid de Limistéar Pleanála Teanga Bhearna/Chnoc na Cathrach atá laistigh de Chathair na Gaillimhe, agus cé mhéad acu a bhfuil cónaí orthu i gContae na Gaillimhe lasmuigh den Chathair. [20540/23]

View answer

Written answers

Ní choinníonn an Roinn na staitisticí atá iarrtha ag an Teachta. Tá fáil ar shonraí Daonáireamh ar bhonn Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta chomh maith le sonraí ábhartha eile maidir leis an bpróiseas pleanála teanga ar an amharcóir mapa a rinne an Roinn a fhorbairt i gcomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh:

dahg.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index.html?id=7090794ee2ca4b53bb785b84c2bd9ad8

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ndóigh ón bPríomh-Oifig Staidrimh féin maidir le gnóthaí Gaeilge trí chéile.

Top
Share