Skip to main content
Normal View

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 4 May 2023

Thursday, 4 May 2023

Questions (291)

Éamon Ó Cuív

Question:

291. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn le scrúdú a dhéanamh ar oibreacha mara ag Céibh an Chóra, in Inis Meáin, má tá cé na hoibreacha atá i gceist agus an costas measta atá orthu; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20988/23]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, bíonn fadhbanna ag báid theacht le balla ag Céibh a' Chóra in Inis Meáin de bharr an tseilf gainimh a bhailíonn i mbéal na céibhe ó am go chéile. Tá an tseirbhís lastais ag brath go mór ar an gcéibh seo le go féidir lastas a thabhairt i dtír do phobal Inis Meáin.

Tá tús curtha ag Comhairle Contae na Gaillimhe leis an bpróiseas soláthair ar mhaithe leis na ceadúnais cuí a fháil le go féidir sceideal dreideála fad-théarmach a chur i bhfeidhm le fáil réidh leis an ngaineamh nuair is gá. Tuigim go bhfuil an próiseas tairisceana sin fós ar bun agus dá réir nach féidir a rá go fóill cén costas measta a bheidh ar an obair.

Top
Share