Tuigim go bhfuil an leabhrán don chomórtas do phost an Choimisinéara Teanga á thabhairt chun críche faoi láthair ag oifigigh mo Roinne agus ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus go bhfuiltear ag súil go bhfógrófar é roimh dheireadh Bealtaine. Mar atá ráite agam cheana, meastar go dtógfaidh sé suas le trí mhí ó dháta an fhógra chun iarrthóir a roghnú.
Ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú i bhfeidhmiú chúraimí Oifig an Choimisinéara Teanga agus, tar éis comhairle dlí a fháil ar an ábhar, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á tarmligthe chuig Stiúrthóir na hOifige faoi mar a cheadaítear faoi mhír 9 den Dara Sceideal d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na feidhmeanna sin á tarmligthe chuige ón 12 Feabhra 2023 go dtí go gceapfar Coimisinéir Teanga nua.