Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 May 2023

Thursday, 18 May 2023

Questions (58)

Éamon Ó Cuív

Question:

58. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an ráta íocaíochta a íocadh le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 1996 ar aghaidh; cad é an ráta íocaíochta atá ann i mbliana; líon na dteaghlach a choinnigh scoláirí sna blianta sin; an bhfuil tuarascáil faighte ag an Roinn go bhfuil laghdú tagtha ar líon na dteaghlach a bheidh a coinneáil scoláirí i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23196/23]

View answer

Written answers

Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta tugtha i bhfoirm tábla thíos.  Léiríonn an tábla thíos ráta Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó 1996 i leith agus líon na dteaghlaigh a chuir lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge sna blianta sin. 

Tá eolas faighte ag an Roinn maidir leis an líon teaghlach sa chóras de réir taighde a déanadh i 2022, a thug le fios go raibh laghdú ar líon iomlán na dteaghlach sa chóras.  Ní thugtar le fios cén údar leis an laghdú, áfach. 

Tá iarratais ar aitheantas faighte ó 32 teaghlach Gaeltachta go dáta i 2023 chun lóistín a chur ar fáil faoin scéim.  Os rud é go mbíonn iarratais á ndéanamh ar bhonn leanúnach, táthar ag súil le tuilleadh iarratas fós i mbliana.  Chláraigh 39 teaghlach faoin scéim in 2022 rud a thugann le fios go bhfuil suim á léiriú sa scéim i gcónaí.

Chun tacú le tuilleadh teaghlaigh a mhealladh chuig an scéim, cheadaigh mo Roinn ardú 20% anuraidh ar an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil.  Anuas ar sin ardaíodh an deontas tosaithe  do theaghlaigh nua ó €2,000 go €6,000 agus, níos túisce i mbliana, d'fhógair mé go mbeadh an deontas seo ar fáil do theaghlaigh atá éirithe as an gcóras ar feadh tréimhse chúig bhliana nó níos mó agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim.  Chomh maith leis sin, mhéadaigh mé le déanaí an líon scoláirí gur féidir a choinneáil in aon teach ó 12 go 16.  Idir na bearta seo uilig, meastar go mbeidh suas go 400 leaba breise ar fáil sa chóras i mbliana le hais 2022.

Bliain

Líon Teaghlaigh

Ráta

1996

718

£4.00

1997

697

£4.00

1998

694

£4.40

1999

650

£4.40

2000

673

£5.00

2001

675

£5.50

2002

660

€7.00

2003

602

€8.00

2004

605

€8.00

2005

585

€9.00

2006

615

€9.50

2007

602

€10.50

2008

663

€10.50

2009

664

€10.50

2010

657

€10.00

2011

665

€9.50

2012

649

€9.50

2013

644

€9.50

2014

613

€9.50

2015

624

€9.50

2016

659

€9.50

2017

685

€10.00

2018

712

€10.00

2019

601

€10.00

2022*

495

€11.00 / €12.00

* Ardú €1 mí Márta 2022 & ardú €1 breise mí Deireadh Fómhair 2022.

Top
Share