Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 May 2023

Thursday, 18 May 2023

Questions (62)

Éamon Ó Cuív

Question:

62. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil sé i gceist aici ardú breise eile a cheadú i mbliana do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge leis an ráta íocaíochta a chur ar chomhréir leis an íocaíocht a bhí ann sa bhliain 2008, arna choigeartú don bhoilsciú ó shin le go mbeidh sé níos tarraingtí do theaghlaigh na scoláirí a choinneáil, agus á chur san áireamh go mbeidh an t-airgead ar fáil ag an Roinn de bharr laghdú ar líon na dtithe atá ag coinneáil Gaeilgeoirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23195/23]

View answer

Written answers

Ceadaíodh ardú ar an deontas laethúil a íoctar le teaghlaigh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge anuraidh ó €10 go €12 - sin ardú de 20%.  Anuas air sin, ceadaíodh ardú ó €2,000 go €6,000 ar an deontas tosaithe atá ar fáil do theaglaigh a chláraíonn faoin scéim do chéad uair agus do theaghlaigh atá imithe as an gcóras le tréimhse chúig bhliana agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim.  Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin a dhéanamh ar an teach, mar aon le costais a bhaineann le trealaimh faoi leith chun lóistín a chur ar fáil.

Níor mhiste a lua chomh maith gur fhógair mé le gairid go bhfuil cead anois ag teaghlaigh atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge uaslíon de 16 scoláire a choinneáil ar íostas leo ach an spás sin a bheith ar fáil acu.  Sin méadú ó 12 go 16 scoláire - rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr.  

Mar is gnáth, bíonn mo Roinn i gcónaí ag faire amach ar aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Top
Share