Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2023

Tuesday, 23 May 2023

Questions (349)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

349. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad é an meastachán ar chostais a bhainfeadh leis an Deontas Caipitíochta do na Coláistí Samhraidh Gaeltachta a thabhairt ar ais, bunaithe ar an ráta a bhí ann sular cuireadh ar scoir é, agus ar an ráta a bheadh ann dá gcuirfí an ráta boilscithe ó shin san áireamh, agus é measta go bhfreastalaíonn timpeall 27,000 dalta orthu i rith an tsamhraidh. [24524/23]

View answer

Written answers

Is ar an Roinn Oideachais freagrach a bhí an fhreagracht maidir leis an scéim deontas seo a riar sula cuireadh deireadh leis. Moltar don Teachta an cheist a thógáil leis an Roinn sin.

Top
Share