Skip to main content
Normal View

Caiteachas Ranna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 23 May 2023

Tuesday, 23 May 2023

Questions (352)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

352. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad a d'íoc an Roinn le coláistí cónaithe samhraidh Gaeltachta in aghaidh an linbh, agus ar an iomlán, in aghaidh gach bliana ó 2003. [24528/23]

View answer

Written answers

Bunaíodh an Roinn seo sa bhliain 2020. Bhí na coláistí Samhraidh dúnta an bhliain sin agus i 2021. Cuireadh tacaíocht ar fáil do na coláistí as ciste cobhsaithe d'earnáil na gColáistí Gaeilge san dá bhliain sin. Léirítear sa tábla thíos an méid a íocadh le coláistí cónaithe i 2022 agus go dáta i 2023:

Bliain

Caiteachas

2022

€249,797

2023 go dáta

€14,615

Is deontas de €5 in aghaidh an scoláire a bhí á íoc leis na coláistí cónaithe go dtí 2022 nuair a ardaíodh é go €7 .

Top
Share