Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (120)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

120. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cad é an meastachán ar chostais bhreise a bhainfeadh le hoifigeach Gaeilge nó Oifigeach Forbartha Gaeilge a bheith fostaithe ag gach údarás áitiúil sa Stát. [24690/23]

View answer
Faoi Alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, tá gach Príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe foirne agus eagraíochtúla atá riachtanach chun feidhmeanna an údaráis áitiúil a bhfuil sé/sí freagrach as a dhéanamh. Déanann mo Roinn maoirseacht ar phleanáil fórsa saothair don earnáil rialtais áitiúil, lena n-áirítear faireachán ar leibhéil fostaíochta san earnáil rialtais áitiúil. Chuige sin, bailíonn mo Roinn sonraí ráithiúla comhiomlána ar líon na foirne i ngach údarás áitiúil ar bhonn coibhéiseach lánaimseartha. Ní bhailítear sonraí mionsonraithe, áfach, maidir leis an miondealú mionsonraithe ar líon agus gráid na foirne a leithdháiltear ar réimsí oibre ar leith laistigh d’údaráis áitiúla agus na tuarastail ghaolmhara agus dá bhrí sin níl siad ar fáil i mo Roinnse. Bheadh an fhaisnéis seo ar fáil ó gach údarás áitiúil.
Top
Share