Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 May 2023

Wednesday, 24 May 2023

Questions (250)

Catherine Connolly

Question:

250. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 106 an 25 Aibreán 2023, an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt faoi stádas an Pholasaí Oileánda; cathain a fhoilseofar an polasaí nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25174/23]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá an Rialtas tiomanta chun polasaí oileánda a fhoilsiú de réir Chlár an Rialtais agus geallantais a leagadh amach in Ár dTodhchaí Tuaithe.

Tá áthas orm a rá go bhfuil an polasaí agus an plean gníomhaíochta beagnach réidh. Beidh mé á chur faoi bhráid an Rialtais go luath agus foilseofar é ina dhiaidh sin.

Top
Share