Tá Chomhairle na Mhúinteoireachta tar éis comhairle a thabhairt gur chuir siad tús le tairseach clárúcháin nua, My Registration/MoChlarú, a chuirfidh réitigh ceann go ceann ar fáil i dtaobh próisis chlárúcháin i Mí Dheireadh Fhómhair 2021. Tá an obair sin ag céim forbartha um an dtaca seo, agus tá i gceist go n-oscófaí an tairseach i lár na bliana 2023.
Bhí tionchar ag dúshláin earcaíochta laistigh den earnáil TF dá conraitheoir ar obair forbartha ar an tairseach.
Idir an dá linn, tá bearta eatramhacha i bhfeidhm ag an gComhairle le gur féidir le múinteoirí cláraithe athnuachan a dhéanamh ar a gclárú nó iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge.
Is fíor ardtosaíocht don Chomhairle Mhúinteoireachta é leagan Gaeilge den tairseach, My Registration/Mo Chlárú, a chur i bhfeidhm. Tá eolas ar fhorbairt na tairsí, MyRegistration/Mo Chlarú, as Gaeilge agus eolas ar na bearta eatramhacha maidir le clárú a athnuachan agus iarratas a chur isteach ar ghrinnfhiosrúchán i nGaeilge ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Múinteoireachta.