Skip to main content
Normal View

Thursday, 25 May 2023

Written Answers Nos. 164-174

Raidió Teilifís Éireann

Questions (164)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

164. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar RTÉ in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24702/23]

View answer

Written answers

Sonraítear sa tábla thíos íocaíochtaí a rinneadh le RTÉ ó 2003 i leith.

Cuireadh leithdháileadh breise €15m ar fáil do RTÉ in 2022 mar fhreagra ar mholtaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán.

RTÉ operates under a dual funding model, receiving proceeds from revenue generated through the TV Licence system and its own commercial income. The table below details payments made to RTÉ from TV licence revenues since 2003, all of which is current.

An additional allocation of €15m in current funding was provided to RTÉ in 2022 in line with the recommendations of the Future of Media Commission.

Íocaíochtaí le RTÉ

Bliain

Ioncam ó na Ceadúnais Teilifíse

Maoiniú breise ón Státchiste

€m

€m

2003

€158.5

2004

€160.5

2005

€172.4

2006

€194.8

2007

€194.8

2008

€201.1

2009

€204.3

2010

€195.0

2011

€182.4

2012

€179.2

2013

€181.5

2014

€178.8

2015

€178.5

2016

€179.3

2017

€184.8

2018

€188.6

2019

€196.5

2020

€197.6

2021

€196.1

2022

€196.2

€15.0

Na Meáin Chumarsáide

Questions (165)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

165. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Raidió Rí Rá in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24704/23]

View answer

Written answers

Tá maoiniú á thabhairt ag mo Roinn ó 2009 do Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, a chraolann ar an idirlíon agus ar aipeanna fóin póca. Faoin gcomhaontú deontais reatha, ceadaíodh €119,000 do Raidió Rí-Rá in 2022 agus €109,000 in 2023. Thug mo Roinn maoiniú caipitil €47,772 don stáisiún in 2020 chun uasghráduithe a dhéanamh ar spás stiúideo an stáisiúin agus osclaíodh an spás stiúideo sin go foirmiúil i mí na Bealtaine 2022. Leis an maoiniú a thugann an Roinn don stáisiún, tá ar chumas Raidió Rí-Rá craoladh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go lánaimseartha ar líne agus ar an aip.

Tá miondealú ar an maoiniú atá curtha ar fáil ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá ó 2009 i leith le fáil anseo thíos:

Maoiniú reatha ceadaithe

Maoiniú reatha íoctha

Maoiniú caipitil ceadaithe

Maoiniú caipitil íoctha

2009

40,000

40,000

2010

40,000

40,000

2011

32,000

32,000

2012

58,725

58,725

2013

47,000

47,000

2014

45,000

45,000

2015

53,000

53,000

2016

75,000

75,000

2017

75,000

75,000

2018

75,000

75,000

2019

75,000

75,000

2020

75,000

75,000

47,772

47,772

2021

75,000

75,000

2022

119,000

119,000

2023

109,000

54,390*

* Go dtí seo in 2023.

Na Meáin Chumarsáide

Questions (166)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

166. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú a caitheadh ar Raidió na Life in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir maoiniú reatha agus caipitil. [24705/23]

View answer

Written answers

Tugann Foras na Gaeilge maoiniú do Raidió na Life faoin Scéim Raidió Pobail. Leis an maoiniú sin, tá ar chumas an stáisiún, atá ag craoladh ar FM i mórcheantar Bhaile Átha Cliath, seirbhís raidió uileghabhálach a sholáthar mar aon le hoiliúint trí Ghaeilge a chur ar dhaoine ar spéis leo gairm sa chraoltóireacht.

Chuir an Roinn maoiniú caipitil de €9,963 ar fáil do Raidió na Life faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge i 2020 chun feabhas a chur ar a gcórais teicneolaíochta.

Leis seo thíos tá briseadh síos ar an maoiniú a chuir Foras na Gaeilge ar fáil do Raidió na Life ó 2010 ar aghaidh.

2010

226,113

2011

228,434

2012

205,915

2013

213,602

2014

271,900

2015

250,000

2016

246,147

2017

373,215

2018

240,000

2019

240,000

2020

241,990

2021

240,000

2022

280,000

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Questions (167)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

167. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú caipitil a caitheadh ar chultúrlanna nó ionaid Ghaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir an ionaid nó na cultúrlainne. [24706/23]

View answer

Written answers

Is féidir iarratas ar dheontas caipitil a dhéanamh i leith cultúrlanna agus ionaid Ghaeilge faoi Fhómhíreanna C3 agus C4 mo Roinne. Baineann C3 le hiarratais ar dheontas caipitil laistigh den Ghaeltacht agus baineann C4 le hiarratais ar dheontas caipitil lasmuigh den Ghaeltacht. Tá an maoiniú caipitil, mar a ceadaíodh é faoin dá fhómhír sna Meastacháin Athbhreithnithe do gach bliain ó bunaíodh an Rialtas reatha in 2020, liostáilte sa tábla thíos. 

C4 (Caipitil)

€000

BLIAN

C3 (Caipitil)

€000

2023

2,700

3,500

2022

2,700

3,500

2021

2,500

2,000

2020

2,322

1,132

De bharr fhad na tréimhse ama atá luaite ag an Teachta leis an  gCeist Dála seo, mar aon leis an líon tionscnamh a d'fhéadfaí a áireamh faoina leithéid d'iarratas, tuigtear dom nach féidir níos mó eolais, ná mar atá tugtha thuas, a thabhairt ag an tráth seo. Má tá fiosrúchán sonrach ag an Teachta áfach faoin maoiniú a ceadaíodh do chultúrlann nó d'ionad Gaeilge ar leith i gcomhthéacs na Ceiste Dála seo, bheinn lán-sásta an t-eolas ábhartha sin a chur ar fáil.

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Questions (168)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

168. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé mhéad maoiniú reatha a caitheadh ar chultúrlanna nó ionaid Ghaeilge in aghaidh gach bliana ó 2003, agus an ndéanfaidh sí briseadh síos air de réir an ionaid nó na cultúrlainne. [24707/23]

View answer

Written answers

Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Foras na Gaeilge le tamall anuas do chultúrlanna agus d’ionaid Ghaeilge trí Scéim na gCultúrlann, 2018 – 2020, tríd an Scéim Cóiríochta d'Ionaid Ghaeilge, 2021 agus tríd an Scéim d'Ionaid Phobail Ghaeilge, 2022 – 2023; tá miondealú ar an tacaíocht sin le fáil sa doiciméad Excel atá faoi cheangal.

Ionad agus institiúid thábhachtach chultúir is ea Taibhdhearc na Gaillimhe a bhfuil fréamhacha doimhne aici i gcur chun cinn agus i gcaomhnú na Gaeilge. Tacaíonn an Roinn seo leis an Taibhdhearc le deontas reáchtála bliantúil. Léiríonn an Taibhdhearc réimse leathan saothar drámaíochta, idir chlasaicigh, dhrámaí comhaimseartha, agus saothair nua le drámadóirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn agus deis ar an stáitse á fáil ag aisteoirí Éireannacha atá ag teacht chun cinn.

Feidhmíonn an amharclann mar áit tionóil do phobal na Gaeilge, rud a chothaíonn bród agus féiniúlacht trí mheán na hamharclainne.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinn don Taibhdhearc faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ó 2004. Faoin gcomhaontú maoinithe atá i bhfeidhm ó 2020-2023 cuirtear maoiniú reatha €320,000 ar fáil gach bliain.

Tá miondealú anseo thíos ar an maoiniú reatha agus caipitil a chuir an Roinn ar fáil don Taibhdhearc ó 2004 i leith:

Maoiniú reatha ceadaithe

Maoiniú reatha íoctha

Maoiniú caipitil ceadaithe

Maoiniú caipitil íoctha

2004

385,000

384,996

35,000

0

2005

450,000

450,000

2006

450,000

450,000

2007

480,000

480,000

2008

480,000

463,343

2009

441,600

441,600

2010

404,900

404,900

2011

323,920

323,920

300,000

164,000

2012

323,920

323,920

189,162

189,162

2013

323,920

323,920

85,000

85,000

2014

307,276

307,276

2015

320,000

320,000

2016

320,000

320,000

2017

320,000

320,000

2018

320,000

320,000

2019

325,000

325,000

2020

300,000

273,392

38,236

0

2021

399,053

399,053

38,236

38,236

2022

320,000

320,000

2023

320,000

147,496 go dáta

Iomlán

7,314,589

7,098,816

685,634

476,398

Ar iarratas ó mo Roinn, tá plean forbartha don tréimhse 2024-2026 á ullmhú faoi láthair ag Bord na Taibhdheirce chun feidhm a thabhairt don ról a theastaíonn ón eagraíocht a chomhlíonadh mar amharclann náisiúnta agus mar mhol forbartha do dhrámaíocht na Gaeilge. Cuimseofar faoin bplean forbartha sin struchtúr leasaithe boird, foirne agus maoinithe chun bonn láidir fadtréimhseach a chur faoi oibríochtaí na heagraíochta agus chun drámaíocht na Gaeilge a neartú agus a fhorbairt.

Tá an Roinn ag dréim leis go bhféadfar comhaontú nua maoinithe, bunaithe ar an bplean forbartha thuasluaite, a aontú le Bord na Taibhdheirce faoin bhfómhar i mbliana.

Cultúrlanna

Cúrsaí Gaeilge

Questions (169)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

169. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ndéantar aon chúrsaí Gaeilge saor in aisce do dhaoine fásta a mhaoiniú faoi láthair, agus cad é an costas ar an Stát. [24711/23]

View answer

Written answers

Ní dhéanann mo Roinn aon chúrsaí Gaeilge saor in aisce do dhaoine fásta a mhaoiniú faoi láthair. Mholfainn don Teachta teagmháil díreach a dhéanamh le comhlachtaí poiblí nó ceanneagraíochtaí Gaeilge faoi scáth na Roinne ar an ábhar áfach - ceanneagraíochtaí pleanála teanga ina measc - mar go bhféadfadh sé go mbíonn a leithéid á maoiniú acusan.

Ar ábhar cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta, is fiú a lua don Teachta go bhfuil forbairtí á ndéanamh sa spás seo ó thaobh cúrsaí Gaeilge d'fhostaithe an Stáit, le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ag déanamh deimnithe ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do Státseirbhísigh thar ceann OneLearning, Aonad Foghlama agus Forbartha na Státseirbhíse ó fhómhar 2022. Tá TEG bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, atá luaite go sonrach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. I gcomhthéacs na sprice earcaíochta atá le baint amach faoin Acht, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi 2030, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith, agus daoine le scileanna teanga ar leith á lorg do réimse leathan róil éagsúla sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.

Le hullmhú an Phlean Náisiúnta do Sheirbhísí Gaeilge faoi lár 2024 agus leis an atbhreithniú a bheidh á dhéanamh ar Thionscnamh Ardscileanna na Gaeilge as seo go ceann bliana le díriú níos mó ar chúrsaí oiliúna agus earcaíochta in Éirinn, beifear ag súil go mbeidh tuilleadh forbartha á ndéanamh sa spás seo sna blianta beaga amach romhainn.

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Questions (170)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

170. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán conas atá ag éirí leis an gcoinníoll faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a deir gur gá 5% den chaiteachas fógraíochta ag comhlacht poiblí a chaitheamh ar fhógraíocht sna meáin Ghaeilge; cén mhonatóireacht atá ar bhun ar chomhlíonadh na forála seo; agus cé mhéad airgead atá caite ar na meáin Ghaeilge de thoradh an choinníll seo go dtí seo faoin Acht. [24714/23]

View answer

Written answers

Tháinig alt 10A - Fógraíocht ag Comhlachtaí Poiblí - d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, i bhfeidhm ar an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Mar thoradh ar an bhforáil úd, tá dualgas ar gach comhlacht poiblí anois 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% ar a laghad dá bhuiséad fógraíochta bliantúil a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge. Is foráil thar a bheith dearfach atá ann atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga trasna gach ardán meán atá in úsáid ag comhlachtaí poiblí cheana féin.

Tugann an fhoráil seo teachtaireacht shoiléir agus shuntasach do phobal na Gaeilge, ní hamháin go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga mar ghné lárnach dár gcuid oidhreachta cultúrtha, ach go bhfuil buntáiste eacnamaíoch suntasach ag baint léi dá lucht labhartha. Tá mé den tuairim láidir go neartófar iarrachtaí an Stáit chun úsáid na teanga a chur chun cinn dá bharr, rud a thagann le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Mar thaca do chur i bhfeidhm na forála seo, tá seimineáir faisnéise éagsúla reáchtáilte ag mo Roinnse, mar seo a leanas:

• seimineáir i mí Iúil 2022, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, ar mhaithe le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí i dtaobh a gcuid dualgas breise faoin Acht. D’fhreastail os cionn 1,000 fostaithe Stáit orthu seo;

• seimineáir i mí Mheán Fómhair 2022 a d’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga agus a ghlac mo Roinn páirt iontu a bhain go sonrach leis an bhforáil seo; agus

• seimineár i mí Eanáir 2023 do chomhlachtaí poiblí maidir le haistriúchán Gaeilge, áit a cuireadh béim mhór ar an bhforáil shonrach seo agus a ndearnadh cur i láthair sonrach faoi chóipscríbhneoireacht le Gaeilge.

Ar ndóigh, tá sé mar fheidhm ag an gCoimisinéir Teanga monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta ag comhlachtaí poiblí, mar aon le comhairle nó cúnamh a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht. Sa mhéid sin, tuigtear dom go bhfuil acmhainní éagsúla curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisinéir Teanga i ndáil leis an bhforáil seo, chun cabhrú le comhlachtaí poiblí maidir lena gcomhlíonadh - teimpléad monatóireachta ina measc. Tá iarrtha ar chomhlachtaí poiblí a gcéad tuairisceán comhlíonta leictreonach a chomhlánú i leith an dualgais seo ag tráth nach déanaí ná an 10 Márta 2024 maidir le fógraíocht 2023. Beidh tuarascáil an Choimisinéara le foilsiú go gairid ina dhiaidh sin - áit a nochtfar comhlíontacht comhlachtaí poiblí leis an bhforáil trí chéile don bhliain 2023.

Data Protection

Questions (171)

Louise O'Reilly

Question:

171. Deputy Louise O'Reilly asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if mobile and software applications from a company (details supplied) will be banned from Government devices to protect users’ data from being passed to state security services, in light of information outlined in a media report. [25383/23]

View answer

Written answers

I am advised that all of my Department's official mobile devices and the apps which run on them comply with guidance provided by the National Cyber Security Centre (NCSC). This guidance is based on risk assessments appropriate to the circumstances of their use and is kept under continuous review by our ICT Unit and the NCSC.

In addition, all users of official devices within my Department are required to exercise considered discretion in their use to maintain compliance with the Department's policies relating to the appropriate use of technology, data protection and the civil service code of standards and behaviour.

Tourism Schemes

Questions (172)

Cathal Crowe

Question:

172. Deputy Cathal Crowe asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if she will consider devising a bursary scheme to help accommodation and tourism providers in towns like Lisdoonvarna, County Clare who are struggling, owing to the major role their town has played in providing accommodation to Ukrainian refugees, to attract tourists and make a sustainable income this year; and if she will make a statement on the matter. [25458/23]

View answer

Written answers

The arrival of refugees from the war in Ukraine, combined with the high number of international protection applicants, has resulted in the largest humanitarian effort in the State's history. The national response to this challenge is underpinned by an all-of-Government approach.

Ireland is now accommodating over 85,000 people, compared with 8,300 in February 2022. This is equivalent to the population of Galway City and serviced accommodation within the tourism sector, hotels primarily, has been to the fore in meeting this immediate need.

The Government is focused on how to continue the sustained support for those fleeing the war in Ukraine, including those already here, as well as those likely to be further displaced by the ongoing conflict. As part of this, the Government is agreed that a move from an emergency response to a more mainstreamed approach, including a reduced reliance on serviced accommodation, is appropriate.

Demand for Irish tourism, both from abroad and at home, is very strong and the sector, supported by Government, has shown great resilience in rebuilding after Covid. However, I am concerned regarding the potential downstream impacts on tourism businesses of the removal of registered tourism accommodation from the tourism market.

I have raised this concern with the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth, Deputy O'Gorman, and other Government colleagues and I have asked my officials and Fáilte Ireland to do further work on this issue as we approach peak season. That work will focus on emerging trends in the 2023 season, with a particular focus on those parts of the country that are most affected by the loss of tourism accommodation. It will also assess what mitigation measures could be considered if the scale of the impact is sufficient to warrant this.

Departmental Reports

Questions (173)

Eoin Ó Broin

Question:

173. Deputy Eoin Ó Broin asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if she has directed any relevant body under her aegis to prepare a report under section 15(2) of the Climate Action and Low Carbon Development Act 2015, as amended. [25461/23]

View answer

Written answers

Under Climate Action Plans 2021 and 2023, the Public Sector Climate Action Mandate and Climate Action Framework for the Commercial Semi-State Sector also apply to relevant bodies under the aegis of my Department. While the SEAI and NewEra are responsible for reporting on the implementation of the Mandate and Framework, respectively, my Department engages regularly with the relevant bodies to provide information and support on the application of their requirements, such as the development of Climate Action Roadmaps this year.

My Department and the relevant bodies under the aegis of my Department have been reporting on their annual energy data to the SEAI since 2009. According to the 2022 Public Sector Performance Report, the DTCAGSM group had achieved a 52% reduction in energy consumption and a 25% reduction in total GHG emissions by 2021, putting us on track for our 2030 targets.

Detailed data from the relevant bodies is published annually on the SEAI's website: www.seai.ie/business-and-public-sector/public-sector/monitoring-and-reporting/public-sector-results/

While I have not directed any of the relevant bodies under the aegis of my Department to produce a report under Section 15(2) of the Climate Action Low Carbon Development Act, as amended, I can assure the Deputy that the bodies under the aegis of my Department are critically aware of the need to meaningfully address climate change, and are working closely with me and my Department to contribute to our ambition and targets on climate action.

Commemorative Events

Questions (174)

Brendan Griffin

Question:

174. Deputy Brendan Griffin asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if the State has any plans to mark the 250th anniversary, in 2025, of the birth of Daniel O’Connell; and if she will make a statement on the matter. [25535/23]

View answer

Written answers

I am aware of the forthcoming 250th anniversary of the birth of Daniel O'Connell in 2025 and my Department is open to considering how we can help to ensure that the life and legacy of Daniel O'Connell and the 250th anniversary of his birth is marked appropriately. If the Deputy is aware of any specific proposals in this regard, I would be happy to give these due consideration in the context of my Department’s support for commemorative activities.

Top
Share