Skip to main content
Normal View

Cúrsaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 30 May 2023

Tuesday, 30 May 2023

Questions (796)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

796. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta cad é an meastachán ar chostais ar an Stát a bhainfeadh le cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine fásta, ar feadh bliain scoile, trí na Boird Oideachais agus Oiliúna i ngach údarás áitiúil. [25744/23]

View answer

Written answers

Tá iarrtha agam ar SOLAS dul i dteagmháil leis na Boird Oideachais agus Oiliúna chun an t-eolas atá á lorg ag an Teachta a thiomsú agus an t-eolas a chur ar aghaidh go díreach chuig an Teachta nuair a bheidh sé críochnaithe.

Top
Share