Is príomhfhócas náisiúnta polasaí é oiriúnú don athrú aeráide agus cinntiú go bhfuil Éire athléimneach i leith tionchair na hathraithe aeráide. Leagann an Creat Náisiúnta Oiriúnaithe (NAF) polasaí náisiúnta amach agus cuireann sé béim ar a thábhachtaí atá sé oiriúnaithe agus gníomhaíochtaí a thógall san áireamh in earnálacha ábhartha. Leanann an “príomhshruthú” seo ar pholasaithe agus ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe dea-chleachtas idirnáisiúnta. Déanann Pleananna Oiriúnaithe Earnála (SAPanna) a dhéantar faoin NAF cur síos agus measúnú ar mhéid na rioscaí a bhaineann le hathrú aeráide in earnáil shonrach, agus leagann said amach gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus athléimneacht aeráide na hearnála a chinntiú. Cuirtear gníomhaíochtaí chun oiriúnú a phríomhshruthú i mbeartas agus i riarachán ag leibhéal earnála sna SAPanna freisin.
Críochnaíodh athbhreithniú reachtúil ar an NAF in 2022 agus tá NAF nua á fhorbairt faoi láthair. Tar éis an NAF nua a fhaomhadh, beidh SAPanna nua nó ag teastáil. Tagann polasaí chun inmharthanacht phobal na Gaeltachta a chinntiú, lena n-áirítear tionchair na hathrú aeráide, faoi chúram mo chomhghleacaí an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus is faoin Aire sin a bheidh sé. SAP a fhorbairt nó plean eile a dhéanamh le athléimneacht i leith tionchair aeráide ar phobail na Gaeltachta a chinntiú
Éascófar pleanáil oiriúnaithe do gach pobal cois cósta nuair a foilsítear Thuarascáil an Ghrúpa Idir-Rannach ar an Straitéis Náisiúnta um Bainistíocht ar Athrú Cósta atá á tabhairt chun críche ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Aire Stát Oifig na nOibreacha Poiblí.