Skip to main content
Normal View

Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 June 2023

Tuesday, 13 June 2023

Questions (578)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

578. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais an ndeachaigh sise nó a Roinn i gcomhairle leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta FAOI RÉIR ALT Alt 31 (1)(b) den Acht Oideachais, (1998) le comhairle a lorg uathu sular glacadh leis na leasuithe atá le cur i bhfeidhm i gcomhair na Gaeilge sa tsraith shóisearach de dhroim an chomhairliúcháin luaith a rinneadh i dtaobh na sonraíochtaí nua i gcomhair na sraithe sóisearaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28021/23]

View answer

Written answers

Bunaíodh COGG faoi théarmaí an Achta Oideachais (1998) agus tá feidhmeanna reachtúla aici maidir le comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus ar an CNCM maidir le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeloideachas agus le múineadh na Gaeilge i ngach scoil. Tá feidhmeanna reachtúla ag COGG ar chomhordú a dhéanamh ar sholáthar téacsleabhar agus acmhainní foghlama; seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna agus ar thaighde a dhéanamh freisin.

Mar fhreagairt ar iarratais ó pháirtithe leasmhara, choimisiúnaigh an CNCM athbhreithniú a dhéanamh ar luath-chur i bhfeidhm shonraíochtaí Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí T1 agus T2 in 2022. Is an tOllamh Pádraig Uí Dhuibhir agus an Dochtúir Colm Mhic Ghearailt a rinne an t-athbhreithniú ar son na CNCM. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe seo, tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh agus aiseolas a thabhairt. Fuarthas aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).

Tuigim go ndeárna Comhairle na CNCM léirmheas suntasach agus cúramach ar thorthaí na tuarascála an t-athbhreithniú luath-chur i bhfeidhm seo agus aontaíodh leasuithe air. Bhí an Chomhairle aireach ar an tábhacht a bhaineann le freagra luath a chur ar an eispéireas agus ábhair imní a d’fhógair múinteoirí, scoláirí agus páirtithe leasmhara. Mar thoradh air sin, tháinig athruithe ar chuid de na gníomhartha do scoláirí a bhí ar an tsraith shóisearach cheana féin agus tá athruithe eile cur i bhfeidhm do scoláirí a bheidh ag tosú ar an tsraith shóisearach i mí Mheán Fómhair 2023. (Féach imlitir 0015/2023).

Bíonn coiste gnó na CNCM i dteagmháil agus ag comhoibriú le COGG go rialta. Chomh maith le ról COGG san athbhreithniú luath-chur i bhfeidhm, bhí an CNCM i gcomhairle go díreach le COGG maidir leis na hathruithe ar na liostaí téacsanna do Ghaeilge T1 agus T2 a cuireadh i ngníomh de bhun na tuarascála leis an athbhreithniú luath-chur i bhfeidhm. (Tá sonraí na n-athruithe seo in imlitir 0015/2023 agus i nóta eolais ón CNCM.) Bíonn COGG ag tacú le hobair CNCM ar athbhreithniú agus uasdátú a dhéanamh ar liostaí téacsanna don Ghaeilge ar na sraitheanna sóisearaí agus sinsearaí.

Top
Share