Skip to main content
Normal View

Oiliúint Múinteoirí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 June 2023

Tuesday, 13 June 2023

Questions (580)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

580. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais céard iad na riachtanais iontrála Ghaeilge a chaithfidh a bheith ag mac léinn le cúrsa bunmhúinteoireachta a dhéanamh sna coláistí tríú leibhéal atá á maoiniú ag an Stáit agus sna coláistí príobháideacha ag leibhéal na bhfochéimithe agus ag leibhéal na n-iar-chéimithe; agus cad é an caighdeán Gaeilge a chaithfidh a bheith ag mac léinn ar ag críochnú chúrsa bunmhúinteoireachta sna coláistí tríú leibhéal atá á maoiniú ag an Stáit, agus sna coláistí príobháideacha ag leibhéal na bhfochéimithe agus ag leibhéal na n-iar-chéimithe, a chríochnú; agus cad é an caighdeán Gaeilge a chaithfidh a bheith ag múinteoir chun go nglacfadh le bheith glactha ag an gChomhairle Mhúinteoireachta leis nó léi mar mhúinteoir bunscoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28023/23]

View answer

Written answers

Tá an Ghaeilge mar dhlúthchuid de churaclam na bunscoile agus ní mór do mhúinteoirí a bheith inniúil maidir le dul i ngleic leis an ngné sin den churaclam, atá bunaithe ar chur chuig cumarsáideach agus ina gcuirtear béim ar leith ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna éisteachta agus labhartha na leanaí.

Sonraíonn mo Roinnse bunriachtanais iontrála sna croí-ábhair: Matamaitic, Béarla agus Gaeilge i gcomhair iontrála chuig cláir um Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) lena chinntiú go bhfuil sé de chumas ag múinteoirí bunscoile ceannaireacht a ghlacadh sna réimsí suntasacha sin d'fhoghlaim scoláirí. Is é an riachtanas iontrála reatha san Ardteistiméireacht ná H4 sa Ghaeilge.Ní mór do na hiarrthóirí go léir, lena n-áirítear lucht fágála scoile, mic léinn lánfhásta agus céimithe ollscoile sna hinstitiúidí ardoideachais (IAOanna) go léir, idir institiúidí poiblí agus institiúidí príobháideacha, a bhfuil creidiúnú acu chun OTM a sholáthar an leibhéal a éilítear i nGaeilge na hArdteistiméireachta nó a chomhionann atá faofa a bheith acu chun iontráil ar chláir OTM don Bhunmhúinteoireacht. Tháinig ardú ar na riachtanais iontrála do na cláir comhthráthacha ó mhí Mheán Fómhair 2019 agus do chláir chomhleanúnacha ó mhí Mheán Fómhair 2021, i ngach IAO poiblí agus príobháideach. Idir 2019 agus 2020, rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta athbhreithniú ar a polasaí maidir le caighdeáin do chláir OTM roimh an dara timthriall d’athbhreithniú agus de chreidiúnú na nglár OTM.

Cuireadh an t-aiseolas ón bpróiseas sin san áireamh sna caighdeáin athbhreithnithe: Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí (2020). Tá gach clár nua agus gach clár reatha um OTM ailínithe anois le Céim: Caighdeáin d’Oideachas Tosaigh Múinteoirí, dóibh siúd atá ag teacht isteach sa chéad bhliain. Tá an timthriall creidiúnaithe faoi Chéim, do chláir OTM atá ann cheana féin, á reáchtáil idir 2021 agus 2023.

Ní mór go mbeadh múinteoirí i mbunscoileanna cáilithe chun an réimse d’ábhair na bunscoile a theagasc do leanaí idir ceithre bliana agus dhá bhliain déag d'aois. Dá réir sin, ní mór go léireodh iarratasóirí, chun sástacht na Comhairle Múinteoireachta, go bhfuil siad inniúil chun an Ghaeilge a theagasc agus chun an réimse ábhar ar churaclam na bunscoile a theagasc trí Ghaeilge sula bhfaigheann siad aitheantas iomlán chun teagasc a dhéanamh i ranganna príomhshrutha i mbunscoileanna.

Aithnítear é sin go soiléir i ndoiciméid Chaighdeáin na Comhairle Múinteoireachta, maidir leis na caighdeáin atá leagtha amach don Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile, a ndéantar cláir um oideachas tosaigh múinteoirí a chreidiúnú ina n-aghaidh. Sonraítear i gcaighdeáin nua na Comhairle Múinteoireacht gur gá, trí gach clár OTM um leibhéal na bunscoile, muinín agus inniúlacht na múinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge, lena n-áirítear an Ghaeilge labhartha, a fhorbairt go dtí leibhéal a chuirfidh ar a gcumas curaclam Gaeilge na Bunscoile a theagasc.

Go hachomair, ní mór do mhic léinn atá ag tabhairt faoi Oideachas Tosaigh Múinteoirí inniúlachtaí a fhorbairt sa réimse iomlán ábhar atá le teagasc i mbunscoileanna, lena n-áirítear an Ghaeilge, agus léiríonn bronnadh cáilíochta oiliúna mar mhúinteoir bunscoile go bhfuil an múinteoir inniúil ar gach

Top
Share