Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 13 June 2023

Tuesday, 13 June 2023

Questions (993)

Éamon Ó Cuív

Question:

993. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a cheadófar airgead do Chomhairlí Áitiúla le h-aghaidh oibreacha mara ar chéibheanna beaga i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28555/23]

View answer

Written answers

I mí Eanáir 2022, sheol mé an Scéim Coigeartaithe Brexit um Bonneagar Mara na nÚdarás Áitiúil 2022-2023 d'athnuachan na gcéanna agus na gcuanta atá faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil amháin. Cuireadh an scéim sin ar bun tar éis mholadh Thascfhórsa na hEarnála Bia Mara maidir le dul i ngleic leis na tionchair atá ag teacht chun cinn san earnáil bia mara mar thoradh ar an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an RA. Is togra uathúil í an scéim seo a dearadh chun tacú le cruthú agus cosaint post trí chistí Chúlchiste Coigeartaithe Brexit (CCB) a dháileadh chun bonneagar cósta agus mara atá faoi úinéireacht phoiblí a fheabhsú, a uasghrádú, a nuachóiriú agus a fhorbairt d'fhonn éagsúlú deiseanna geilleagracha a éascú.

Go dtí seo, tá leithdháileadh dar luach suas le €55.3m fógartha agam, lena n-áirítear cead le haghaidh 164 tionscadal breise arna maoiniú ag suas le 95% de luach an tionscadail. Is féidir sonraí an mhaoinithe atá leithdháilte a aimsiú ar líne ag www.gov.ie/en/press-release/01fd7-mcconalogue-announces-increased-brexit-investment-in-public-marine-infrastructure-total-now-553m/. I measc na dtionscadal tá céanna beaga agus tionscadail mhuirmhúir agus dreidireachta. Tá an scéim cláraithe go hiomlán anois.

Chuir na húdaráis áitiúla iarratais ar mhaoiniú chun oibreacha caipitil a chríochnú faoin Scéim isteach chuig mo Roinn. Ní féidir iarratais a dhéanamh a thuilleadh agus bronnadh an maoiniú ar fad faoin Scéim. Ceadaíodh gach tionscadal incháilithe le haghaidh maoinithe. Táim cinnte go n-aontóidh an Teachta go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanann na húdaráis áitiúla beart de réir a mbriathair sna tionscadail seo a thacóidh leis an earnáil bia mara agus le geilleagar áitiúil na bpobal cósta.

Tá gach údarás áitiúil sa chéad ásc freagrach as forbairt agus cothabháil na gcéanna, na gcuanta agus na sleamhnán atá faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil. Tá a fhios agam freisin go bhfuil príomhról rialachais na n-údarás áitiúil ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.

Top
Share