Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 June 2023

Thursday, 29 June 2023

Questions (125)

Éamon Ó Cuív

Question:

125. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cad é líon na n-aonad Gaeilge in iar-bhunscoileanna an Stáit; an bhfuil aon scrúdú déanta ar éifeacht na n-aonad ó thaobh oideachais trí Ghaeilge de le hais Gaelcholáistí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30559/23]

View answer

Written answers

Léirítear ar chóras P-POD (Post-Primary Online Database) mo Roinne go bhfuil 25 iar-bhunscoil tar éis féin-tuairisciú go bhfuil roinnt ábhar á múineadh acu trí mheán na Gaeilge do roinnt dá scoláirí nó dá scoláirí ar fad.

Tugann an Chigireacht i mo Roinnse faoi chuairteanna cigireachta ar scoileanna le hAonaid agus ar Ghaelcholáistí mar ghnáthchuid de chlár na cigireachta.

Tá obair ar bun i mo Roinnse chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ceann de spriocanna na forbartha polasaí sin ná polasaí a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú.

Tá taighde coimisiúnaithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun anailís a dhéanamh ar an soláthar reatha in Aonaid agus i Sruthanna. Cuirfidh an taighde seo eolas luachmhar ar fáil chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an taighde seo curtha i gcrích níos déanaí i mbliana.

***********************

My Department’s P-POD system (Post-Primary Online Database) shows that 25 post-primary schools have recorded themselves as teaching some subjects through the medium of Irish to some or all of their students.

The Inspectorate in my Department carry out inspections on schools with Units (Aonaid) and on Gaelcholáistí as part of the normal inspection programme.

Work is underway in my Department on the development of a new policy for Irish-medium education outside of the Gaeltacht. One of the objectives of the policy development process is to develop a policy on the establishment and sustainability of Units/Streams (Aonaid/Sruthanna) to strengthen Irish-medium education provision.

Research has been commissioned by An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) to analyse existing provision in Units (Aonaid) and in Streams (Sruthanna). This research will provide valuable information to inform the development of policy on Irish-medium education. This research is due to be completed later this year.

Top
Share