Skip to main content
Normal View

Oideachas trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 July 2023

Wednesday, 12 July 2023

Questions (122)

Éamon Ó Cuív

Question:

122. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais ag éirí as freagra ar Cheist Pharlaiminteach Uimh. 125 ar an 29 Meitheamh 2023, cé mhéad den 25 iar-bhunscoil ina múintear roinnt ábhar trí Ghaeilge a bhfuil aonad neamhspleách faoi leith acu ina múintear gach ábhar trí Ghaeilge; líon na scoileanna a bhfuil sruth lán-Ghaeilge acu taobh istigh den scoil; agus líon na scoileanna ina múintear roinnt ábhar trí Ghaeilge ar bhonn roghnach do scoláirí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34624/23]

View answer

Written answers

Gaeilge

Mar a luadh sa fhreagra ar Cheist Pharlaiminteach Uimh. 125 ar an 29 Meitheamh 2023, léiríodh ar chóras P-POD (Post-Primary Online Database) mo Roinne go raibh 25 iar-bhunscoil tar éis féin-tuairisciú go raibh múnlaí de chineál aonaid/sruthanna i bhfeidhm iontu.

As an 25 iar-bhunscoil sin, rinne 14 scoil féin-tuairisciú go raibh gach ábhar á múineadh trí Ghaeilge acu do roinnt dá scoláirí agus rinne 11 scoil féin-tuairisciú go raibh roinnt ábhar á múineadh trí Ghaeilge acu do roinnt dá scoláirí.

Tá obair ar bun i mo Roinnse faoi láthair chun polasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Ceann de na spriocanna i ndréachtú an pholasaí sin ná polasaí a fhorbairt ar bhunú agus ar inbhuanaitheacht Aonaid/Sruthanna chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú.

Tá taighde coimisiúnaithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun anailís a dhéanamh ar an soláthar reatha in Aonaid agus i Sruthanna. Tabharfaidh an taighde seo tuilleadh eolais ar an soláthar sna suíomhanna thuasluaite agus cuirfidh sé bonn eolais faoi fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Beidh an taighde seo curtha i gcrích níos déanaí i mbliana.

Béarla

As detailed in the response to Parliamentary Question No. 125 on the 29 June 2023, my Department’s P-POD (Post-Primary Online Database) system showed that 25 post-primary schools had recorded themselves as having unit/stream-type provision within their schools.

Of those 25 post-primary schools, 14 schools had recorded themselves as teaching all subjects through Irish to some students and 11 schools had recorded themselves as teaching some subjects through Irish to some students.

Work is currently underway in my Department on the development of a new policy for Irish-medium education outside of the Gaeltacht. One of the objectives of the policy drafting process is to develop a policy on the establishment and sustainability of Units/Streams (Aonaid/Sruthanna) to strengthen Irish-medium education provision.

Research has been commissioned by An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) to analyse existing provision in Units (Aonaid) and in Streams (Sruthanna). This research will provide additional information with regards to provision in the abovementioned settings and it will also inform the development of the new policy on Irish-medium education outside of the Gaeltacht. This research is due to be completed later this year.

Top
Share