Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Questions (105)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

105. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an aithníonn sí go bhfuil dreachrachtaí fós ann Mná Tí úra a mhealladh nó súid a bhí ina mná tí roimhe a choiméad toisc rialacha mí-réasúnta, roghanna níos solúbtha bheith á mhealladh ón earnáil, costas árachas srl ardaithe as cuimse, agus cén cèimeanna úra a ghlacfar chun cuidiú le Mná Tí sgus na Coláistí Samhradh atá ag brath ortha. [34779/23]

View answer

Written answers

Tá roinnt beartas difrúla ceadaithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge le níos mó ná bliain anuas chun tacaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastal na gColáistí Gaeilge agus do theaghlaigh nua atá ag teacht isteach sa chóras.

Cuireadh ardú ar an deontas laethúil ó €10 go €12 ar fáil - sin ardú beagnach 20% ar an deontas sin. Anuas air sin, ceadaíodh ardú ó €2,000 go €6,000 ar an deontas tosaithe atá ar fáil do theaglaigh a chláraíonn faoin scéim don chéad uair agus do theaghlaigh atá imithe as an gcóras le tréimhse cúig bliana agus atá ag iarraidh athchlárú faoin scéim. Clúdaíonn an deontas seo costais a bhaineann le measúnú sábháilteacht dóiteáin a dhéanamh ar an teach, mar aon le costais a bhaineann le trealaimh faoi leith chun lóistín a chur ar fáil, leapacha buinc agus tochtanna san áireamh.

Níor mhiste a lua chomh maith gur fhógair mé le gairid go bhfuil cead anois ag teaghlaigh atá cáilithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge uaslíon de 16 scoláire a choinneáil ar íostas leo ach an spás sin a bheith ar fáil acu. Sin méadú ó 12 go 16 scoláire - rud a chiallaíonn go mbeidh deis ag teaghlaigh ioncam breise a shaothrú dá bharr agus a chuirfidh leapacha sa bhreis sa chóras chomh maith.

Ní bhíonn sonraí cuimsitheacha faoi earnáil na gcoláistí samhraidh ar fáil go dtí níos déanaí sa bhliain tar éis do na coláistí críochnú. Ach é sin ráite, go dtí seo i mbliana tá 37 teaghlach nua aitheanta/cláraithe faoin scéim cheana féin agus tuilleadh iarratais ag teacht isteach i rith an ama. Os rud é go mbíonn an Roinn ag glacadh le hiarratais ar bhonn leanúnach, tá seans ann go mbeidh tuilleadh iarratas fós le teacht isteach i mbliana. Is 34 teaghlach nua a chláraigh faoin scéim in 2019 agus 39 anuraidh – rud a thugann le fios go bhfuil méadú intomhaiste ag teacht ar líon na teaghlach atá ag nochtadh suime sa scéim agus ag iarraidh clárú.

Tríd is tríd, mar sin, táim den tuairim go bhfuil na beartais éagsúla a d’fhógair mo Roinn le borradh a chur faoin earnáil i mbliana ag oibriú go maith. Ach, mar is gnáth, leanfar ar aghaidh ag féachaint ar bhealaí eile chun tacú leis an earnáil seo le cinntiú go mbeidh fás agus forbairt ar an scéim amach anseo.

Top
Share