Skip to main content
Normal View

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Questions (362, 363)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

362. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil Tuarascáil Réitigh Foirgníochta (BFR) curtha ar fáil do Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin chun gur féidir le scoil (sonraí tugtha) foirgneamh buan nó foirgnimh bhuana a bheith aici amach anseo ar shuíomh amháin. [34811/23]

View answer

Aengus Ó Snodaigh

Question:

363. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Oideachais cén uair a chuirfear suíomh buan ar fáil do scoil amháin (sonraí tugtha) atá scaipthe thar dhá shuíomh faoi láthair i seanfhoirgneamh nach bhfuil oiriúnach chun oideachas ceart a chur ar dhaltaí an Ghaelcholáiste, gan aon spás taobh amuigh ná clós scoile a bheith ag an nGaelcholáiste, agus seomraí ranga an Ghaelcholáiste a bheith gan solas an lae cheal fuinneoga. [34812/23]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 362 and 363 together.

Tá tionscadal tógála don scoil dá bhfuil tagairt déanta ag an Teachta mar thosaíocht ag mo Roinn agus tá sé ar intinn againn an treoir chóiríochta don tionscadal seo a chur chun cinn a luaithe is féidir.

Idir an dá linn, tá mo Roinn ag obair le pátrún na scoile chun dóthain cóiríochta a chinntiú do riachtanais eatramhacha na scoile, fad a bhíonn soláthar an phríomhthionscnaimh idir lámha.

I measc na bpríomhthosaíochtaí do chlár oibre mo Roinne tá leanúint le soláthar láidir chun tacú le feidhmiú an chórais scolaíochta le haird ar leith ar phleanáil chun cinn don scoilbhliain 2023/24 agus ina dhiaidh sin agus freisin le haird ar leith ar thacú leis an soláthar riachtanas speisialta.

Question No. 363 answered with Question No. 362.
Top
Share