Skip to main content
Normal View

Raidió Teilifís Éireann

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Questions (397)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

397. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil aon iarracht déanta aici chun a chinntiú go mbeidh an éagothromaíocht pá idir oibrithe i Raidió na Gaeltachta agus iad siúd i gcodanna eile de RTÉ san áireamh san athbhreithniú atá beartaithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [35251/23]

View answer

Written answers

Ardaíodh ceist na neamhréireanna pá féideartha idir oibrithe Raidió na Gaeltachta agus a gcomhghleacaithe a oibríonn trí mheán an Bhéarla, agus athbhreithniú leanúnach RTÉ ar a struchtúr grádaithe, le linn phlé an Chomhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin le Cathaoirleach RTÉ ar an 19 Aibreán.

Tuigim go bhfuil Willis Tower Watson ag obair le RTÉ chun struchtúr bonn a fhorbairt le poist agus leibhéil atá sainmhínithe go soiléir, rud ar cheart go mbeadh leibhéal ní b’airde trédhearcachta agus cothroime mar thoradh air.   

Ag cruinniú den Choiste Oireachtais, thug Cathaoirleach RTÉ le fios go gclúdóidh an t-athbhreithniú gach gné d’eagraíocht RTÉ, lena n-áirítear oibrithe Raidió na Gaeltachta agus go bpléifí le héagsúlacht pá idir oibrithe Gaeilge agus a gcomhghleacaithe Béarla laistigh den togra sin.  Mar ár gcraoltóir seirbhíse poiblí is mó, a cheistíonn institiúidí eile, mar is ceart, ní mór do RTÉ a bheith chun tosaigh i dtéarmaí comhionannais agus cuimsitheachta, lena n-áirítear ó thaobh na Gaeilge de. Ina theachtaireacht don fhoireann agus ina ráiteas ar an 10 Iúil, tharraing an tArd-Stiúrthóir aird freisin ar a phleananna le haghaidh athbhreithnithe ar róil, gráid, pá agus comhionannas inscne. 

Dé Máirt seo caite, d’fhaomh an Rialtas tograí a thug mé ar aghaidh chun scrúdú cuimsitheach a thionscnamh ar RTÉ, ina bhfuil roinnt gnéithe lena n-áirítear athbhreithniú neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar na meicníochtaí trína bhfostaítear conraitheoirí seachtracha, na táillí a íoctar, úsáid gníomhairí agus cúrsaí AD eile in RTÉ, a ndéanfaidh Sainchoiste Comhairleach ar Tháillí Conraitheoirí agus cúrsaí AD. Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta a scrúdú le béim ar leith ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú; agus cibé an bhfuil tionchar ag aon cheann de na cleachtais earcaíochta agus AD atá ann cheana féin, go háirithe iad sin a leagtar amach thuas, ar chomhionannas agus deiseanna.

Tuigim nach mór an iomarca próiseas a sheachaint chun na ceisteanna céanna a scrúdú. Táim ag súil go gcomhlíonfaidh RTÉ na gealltanais atá tugtha acu maidir leis an athbhreithniú ar róil agus gráid, pá, agus comhionannas inscne.

Top
Share