Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 13 July 2023

Thursday, 13 July 2023

Questions (63)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

63. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cén cur chuige atá idir í féin agus Údarás na Gaeltachta chun cinntiú go mbeidh leas á bhaint as na 60 foirgnimh folamh atá ag Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34776/23]

View answer

Oral answers (8 contributions)

Fiafraím den Aire cén cur chuige atá idir i féin agus Údarás na Gaeltachta a chinntiú go mbeidh leas á bhaint as an 60 foirgneamh atá folamh faoi láthair ag Údarás na Gaeltachta?

Tuigtear dom ón Údarás go bhfuil an eagraíocht ag tabhairt faoi obair phleanála dá phunann maoine chun a chinntiú go mbeidh siad in ann teacht ar réitigh dá gcuid cliant-chomhlachtaí reatha agus nua chomh maith lena gcuid geallsealbhóirí eile mar is cuí. Tá tugtha le fios ag an údarás dom go bhfuil go leor oibre idir lámha ag an eagraíocht faoi láthair. San áireamh anseo, tá an eagraíocht ag tabhairt faoi staidéar ar an infreastruchtúr, foirgnimh agus talamh atá aici, chomh maith le cúrsaí fuinnimh agus carbóin. Tá i gceist ag an eagraíocht plean acmhainní agus maoinithe a chur i dtoll a chéile ansin chun an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint amach ag úsáid na n-acmhainní seo.

Mar a thuigim é, sa chás go bhfuil measúnú déanta ar ollchostas caipitil na h-oibre, ní mór gach togra a mheas faoi phróiseas measúnaithe inmheánacha na heagraíochta mar chéad chéim, sula dtiocfaidh an togra faoi bhráid bhord an údaráis le aon chaiteachas caipitil a cheadú bunaithe ar chás gnó atá curtha le chéile chuige sin. Mar chuid den athbhreithniú ar an bpunann maoine, tá athbhreithniú inmheánach déanta ar na próisis chun tograí a mheas chomh maith.

Tuigim go bhfuil an obair seo ar bun ar mhaithe le caighdeán an phunainne mhaoine trí chéile a fheabhsú ar bhonn inbhuanaithe agus atá ag teacht le mórspriocanna straitéiseacha Údarás na Gaeltachta i leith na teanga, na fostaíochta, na forbartha réigiúnaí agus riachtanas phobail éagsúla na Gaeltachta.

Sula gcríochnóidh mé, ba chóir dom a lua go bhfuil ardú suntasach 60% tagtha ar bhunmhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta ó thosaigh téarma an Rialtais seo in 2020. Tacaíonn an maoiniú méadaithe seo le cuspóir foriomlán Údarás na Gaeltachta a chinntiú gurb í an Ghaeilge príomhtheanga phobail na Gaeltachta agus go mbeidh sí ann do na glúine atá le teacht. Léiríonn an méadú seo ar an maoiniú go bhfuil an Rialtais seo tiomanta i leith na Gaeilge, agus go leanfar ar aghaidh ag infheistiú, ag forbairt agus ag coinneáil na Gaeltachta slán don todhchaí. Aithnítear chomh maith an raon forleathan tionscnamh atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh forbairt fiontraíochta agus chruthú post de, ach freisin, trí thacú le tionscnaimh straitéiseacha teanga, cultúrtha agus pobail.

Gabhaim buíochas leis an Aire agus le Teachta Connolly freisin a chuir an cheist seo ar an gcéad dul síos agus a fuair liosta de na foirgneamh fholmha. Is oifigí a bhí i roinnt acu ach bhí roinnt mhonarchana an-mhór ann freisin. Bhí sé cinn de mhonarchana ann breis is 1,000 m cearnógach agus is monarchana suntasacha a bhí ann. Tá roinnt acu siúd folamh ó 2001 agus tá roinnt eile cothrom le dáta. tuigim go mbíonn athrú ag teacht idir chomhlachtaí agus cliaint ag fanacht ach tá an deis ann anois a chinntiú go bhfuil na heastáit tionsclaíochta seo lán go doras. Is léir dom an obair atá á déanamh ag an údarás go bhfuil éacht á dhéanamh acu ag tarraingt comhlachtaí isteach sna ceantair seo ach níor tugadh aon airgead breise caipitil dó anuraidh. Ní féidir díriú isteach ar an obair seo mura bhfuil airgead ag teacht ón gcóras Stáit chun cuidiú leo san athchúrsáil agus an athfheidhmiú atá i gceist.

Tá formhór de na foirgnimh seo folamh ón tréimhse idir 2018 go dtí 2023. Tá eisceachtaí ann freisin. Tá foirgnimh ann atá folamh le hos cionn deich mbliana. Ní aon rud neamhghnách é seo mbeadh foirgnimh fholmha ag áisíneacht forbartha acmhainní ar nós Údarás na Gaeltachta le punann maoine comórtas atá ag an údarás. Bíonn comhlachtaí ag teacht agus ag imeacht i gcaitheamh an ama agus go minic bíonn uasghrádú le déanamh ar fhoirgnimh sular féidir iad a chur ar an margadh arís le ligean ar cíos. Ach an oiread is le gach eagraíocht Stáit, bíonn ar an údarás oibriú taobh istigh den bhuiséad a thugtar don eagraíocht agus a chuid infheistíochtaí sa phunann maoine atá ag an eagraíocht a bhainistiú sa chomhthéacs sin. Mar a dúirt mé, tá an maoiniú ag éirí agus fiú amháin leis an maoiniú caipitil is €14.454 milliún a fuair an t-údarás in 2022 agus do 2023 chomh maith. Is méadú 60% é sin ar an allúntas a bhí ar fáil don eagraíocht in 2019 sular ceapadh mise mar Aire

Gabhaim buíochas leis an Aire. Mar a dúirt mé, ní raibh aon ardú anuraidh i mbuiséad caipitil an Údaráis na Gaeltachta. Ní raibh airgead breise aige an díriú isteach ar na monarchana folmha. Tuigim go mbíonn athrú ag tarlú. Mar shampla, tá monarcha 2,095 m cearnógacha folamh in eastát an Bhuna Bhig le naoi mbliana anuas. tá ceann eile in eastát Bhun an Churraigh le hocht mbliana anuas agus tá breis is1,639 m cearnógacha ann ach is é an ceann is measa ná an t-eastát i gCasla, áit a bhfuil monarcha atá folamh le 22 bliain. Dar ndóigh caithfidh athnuachan agus infheistiú arís a dhéanamh chun é a bhreith suas cothrom le dáta, agus gach rud eile, agus ní tharlóidh sé sin gan airgead breise an cuidiú leis an údarás san obair atá á déanamh aige agus is léir don domhan leis na Gteic-anna agus na comhlachtaí nua eile atá a mhealladh isteach san áit ag an údarás.

Más féidir airgead breise caipitil a bheith ann déanfaidh an t-údarás an obair ba chóir dó a bheith á déanamh aige agus meallfaidh sé fostaíocht isteach sa cheantar.

Táthar ag féachaint ar na féidearthachtaí forbartha do chuid de na foirgnimh fholmha atá ag an údarás, ag cur san áireamh na hacmhainní atá ar fáil leis sin a dhéanamh agus an leas gur féidir a bhaint as na foirgnimh. Nuair atá aon chinneadh á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid maoinithe, bítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas maidir leis an leas is fearr a bhaint as an acmhainn airgeadais atá ar fáil ón Státchiste.

Is buntáiste faoi leith é foirgnimh agus talamh a bheith ag Údarás na Gaeltachta ach is scannal amach is amach é go bhfuil cuid mhaith acu folamh, ag dul siar na blianta go 2001. D'ardaigh mise an cheist seo go mion minic. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil athbhreithniú i gceist ach an rud ata ag teastáil uaim ná spriocdháta ó thaobh na measúnaithe sin ata faoi chaibidil aige. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, teastaíonn dearbhú maidir le cúrsaí airgid chun a chinntiú go bhfuiltear in úsáid cuí a bhaint as na foirgnimh. Caithfimid scrúdú an bhfuil spás ar na suíomhanna chun iad a úsáid do chúrsaí tithíochta.

Tá ráite ag an údarás go bhfuil sé ag tabhairt faoi obair chun a chinntiú go mbeidh sé in ann teacht ar réitigh dá gcuid cliantchomhlachtaí reatha agus nua, chomh maith lena gcuid geallsealbhóirí eile, mar is cuí. Tá mé ag fanacht go dtí go mbeidh an cinneadh déanta ag Údarás na Gaeltachta i dtaobh a chuid maoinithe. Beidh mé ag féachaint ar cad a bheimid in ann a dhéanamh ar acmhainn áirithe atá ar fáil ón Státchiste ansin.

Top
Share