Maidir le córais agus cur chuige riaracháin Údarás na Gaeltachta chun tacú le húsáid na Gaeilge i measc a cuid cliantchomhlachtaí, tá sé curtha in iúl ag an eagraíocht go bhfuil leasaithe déanta acu ar na córais a bhí in áit le measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar na pleananna teanga atá aontaithe agus á bhfeidhmiú sna cliantchomhlachtaí. Tá an córas sin i bhfeidhm ó bhí tús 2022 ann agus, de réir an Údaráis, táthar ag leanúint an chórais dá réir.
Tá curtha in iúl ag an Údarás chomh maith go bhfuil taighde coimisiúnaithe ag an eagraíocht dírithe ar eolas agus tuairimí a bhailiú ó fhostóirí agus ó fhostaithe a cliant maidir le húsáid na Gaeilge sa ghnó. Deir an tÚdarás go bhfuair siad aischothú ó bheagnach 800 fostaí i suirbhé a rinneadh mar chuid den taighde sin agus go bhfuil dréacht tuairisc curtha faoi bhráid an Údaráis. Sa tuairisc sin, tá eolas faoi thorthaí an taighde agus tá moltaí déanta maidir leis na bealaí a d’fhéadfaí tacú lena cliant – na fostaithe ach go háirithe – le níos mó Gaeilge a úsáid sa ghnó, sa mbaile agus sa phobal.
Tá mínithe ag an Údarás go mbeidh an eagraíocht ag díriú ar na bealaí gur féidir tionchar a imirt ar iompar agus ar chleachtas teanga na 8,000 fostaí atá ag obair ina chliantchomhlachtaí ar fud na Gaeltachta, ní amháin ar an láthair gnó ach taobh amuigh den ionad oibre sa mbaile agus sa phobal.
Tá ráite ag an Údarás go bhfuil an eagraíocht ag súil le scéim nua tacaíochta a fhorbairt agus a thairiscint bunaithe ar an taighde agus na moltaí atá déanta. Tá an obair sin idir lámha faoi láthair, de réir an Údaráis, agus beidh an scéim sin a forbairt agus a soláthar i gcomhar le páirtithe leasmhara eile sa phobal a thugann cúram don teanga i réimsí eile ar nós réimse an teaghlaigh, an luathoideachais agus an óige.
De réir an Údaráis, déanfar an scéim seo a thairiscint ar bhonn phíolótach le linn fómhair 2023 do líon aontaithe cliaint ar dtús sa chaoi is gur féidir an t-éileamh agus cur chuige na scéime a thástáil chomh maith le modhanna éifeachtacha a aimsiú chun tionchar na scéime a thomhais. Dé réir an Údaráis, déanfar an obair sin idir seo agus deireadh na bliana seo agus tá an tÚdarás ag súil le go mbeidh scéim nua a fógairt i Ráithe 1 2024.