Mar is eol don Teachta, is é Comhairle Contae na Gaillimhe atá freagrach as obair chothabhála agus forbartha ar chéanna Oileáin Árainn, an Caladh Mór ar Inis Meáin ina measc. Bíonn cruinnithe rialta idir ionadaithe ó mo Roinn agus an Comhairle Contae chun an dul chun cinn ar fhorbairt na gcéanna a phlé. Reachtáladh an cruinniú is deireanaí ar 5ú Meán Fómhar.
I gcomhréir leis an gCód Caiteachais Phoiblí, chuir Comhairle Contae na Gaillimhe dréacht measúnacht straitéiseach faoi bhráid mo Roinne le seachtain anuas, agus tá sé á bhreithniú faoi láthair.
Tá an dréacht measúnacht straitéiseach seo bunaithe ar thorthaí ón ionsamhlúchán digiteach a rinne Coláiste Náisiúnta Muirí na hÉireann (NMCI), mar aon leis na roghanna forbartha éagsúla.
Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag comhoibriú le Comhairle Contae na Gaillimhe chun an togra a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir.