Skip to main content
Normal View

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Monday - 11 September 2023

Monday, 11 September 2023

Questions (69)

Éamon Ó Cuív

Question:

69. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an n-aontaíonn sé gur chóir go mbeadh saoránach in ann iarratas trí Ghaeilge a dhéanamh ar na deontais atá ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; agus an bhféachfaidh sé chuige go mbeidh an rogha sin ar fáil do phobal na Gaeltachta agus d'aon saoránach eile ar mian leo cur isteach ar na deontais atá ar fáil ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann [37195/23]

View answer

Written answers

Tá an tÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann laistigh de théarmaí tagartha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 arna leasú in 2021.

• Cuireann an tÚdarás fáilte roimh comhfhreagras i nGaeilge.

• Foilsíonn an tÚdarás an Tuarascáil Bhliantúil agus a chuid stráitéisí i mBéarla agus i nGaeilge.

• Tá  stáiseanóireacht, comharthaíochta agus postfhógráiocht an Údaráis  i mBéarla agus i nGaeilge.

• Cuireann an tÚdarás an sciar éigeantach ar a laghad dá fhógraíocht ar fáil trí Ghaeilge.

• Maidir le hiarratas a dhéanamh trí Ghaeilge ar na deontais atá ar fail, tá an tÚdarás ag féachaint faoi láthair ar an gcaoi is éifeachtúla agus is éifeachtaí chun na hoibleagáidí faoin Acht Leasuithe 2021 a thabhairt isteach dá chórais.

Top
Share