Skip to main content
Normal View

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Monday - 11 September 2023

Monday, 11 September 2023

Questions (788)

Marc Ó Cathasaigh

Question:

788. D'fhiafraigh Deputy Marc Ó Cathasaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a tuairimí maidir le méadú ar an deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí do Choláistí Gaeilge do cúrsaí samhraidh do mhic léinn atá ag fanacht i lóistín an Choláiste, chun filleadh ar an leibhéal tacaíochta a bhí ar fáil roimh an gcúlú eacnamaíochta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37341/23]

View answer

Written answers

Is é cuspóir Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) - atá ar an scéim is sine atá á riar ag an Roinn, tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil sa Ghaeltacht do lucht freastail iar-bhunscoileanna agus tríú leibhéal na tíre. Ceaptar go bhfuil tuairim is 1 milliún foghlaimeoir tar éis leas a bhaint as an scéim ó bunaíodh í 50 bliain ó shin in 1972.

Tugadh ardú beagnach 20% ar dheontais aon-oíche faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh. Mar thoradh air seo, ardaíodh deontas do bhrú nó lóistín coláiste ar bhonn pro-rata ón ráta €5 in 2019 go €6 ag tús 2022 agus ansin go €7 ag deireadh na bliana seo chaite. Seo an t-ardú is suntasaí ar an deontas seo le deich mbliana anuas.

Le bliain anuas tá céimeanna eile glactha i dtaobh tacú le Scéim na bhFoghlaimeoirí atá dírithe ar fhás agus ar fhorbairt na h-éarnála:

* Ardaíodh fá 20% an deontas a íoctar le teaghlaigh aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne ó €10 go €12. Faigheann teaghlaigh íocaíocht laethúil ó choláistí chomh maith le fóirdheontas laethúil €12 na Roinne.

* Ardaíodh an deontas tosaithe do theaghlaigh nua ó €2,000 go dtí €6,000. Is ardú ionann le 300% é seo. Leathnaíodh na hearrí a ceadaíodh faoin deontas freisin chun bunchleapacha agus tochtanna a chlúdach.

* Ardaíodh uaslíon na scoláirí ar iostas a bhí ceadaithe ó 12 go 16.

* Ardaíodh go suntasach an ciste atá ar fáil faoin tionscnamh DEIS Gaeltachta chun deiseanna breise a thabhairt do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.

* Ina theannta sin, cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do scéim ÁRAINN Gaeltachta a thugann deis do dhaltaí iar-bhunscoile ar fud na hÉireann bliain scoile iomlán a chaitheamh ag freastal ar mheánscoil ar cheann d’Oileáin Árann. Cuirtear breis is €150,000 ar fáil gach bliain chun tacú le suas le 30 dalta iar-bhunscoile.

Ní gá a lua go leanfar ag breathnú ar bhealaí breise le cabhrú tuilleadh leis an earnáil amach anseo.

Top
Share