Skip to main content
Normal View

Na hOileáin amach ón gCósta

Dáil Éireann Debate, Monday - 11 September 2023

Monday, 11 September 2023

Questions (809)

Éamon Ó Cuív

Question:

809. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an bhfuil i geist méadú substaintiúil a dhéanamh ar an íocaíocht a fhaigheann teaghlaigh atá ag coinneáil scoláirí atá ag freastal ar na Meán Scoileanna ar na hoileáin len é a dhéanamh níos tarraingtí do tuilleadh teaghlaigh na scoláirí a choinneáil de bharr an tabhacht a bhaineann leis an scéim seo do inmharthanacht na nOileán; an bhfuil i bhfuil i gceist freisin an córas iocaíochta a leasú le go mbeidh réamh íocaíocht a dhéanamh le na teaghlaigh gach mí le costais a chlúdach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39293/23]

View answer

Written answers

Tá maoiniú á chur ar fáil ag mo Roinn don scéim ÁRAINN Gaeltachta i gcomhair costais lóistín do 30 scoláire ón mórthír a dhéanann freastal ar na iarbhunscoileanna ar na hoileán Árainn don scoilbhliain iomlán. I 2019, ba ráta de €27 a bhí á íoc ag an Roinn in aghaidh an scoláire leis na teaghlaigh seo – ardaíodh é seo faoi dhó in 2022, go €30 i Márta 2022 agus go €33 i nDeireadh Fómhair 2022.

Tá leasú déanta ar córas íocaíochta na scéime seo ó tús na scoilbhliana 2023/24. Faoin socrú nua seo, beidh trí tráthchuid a n-íoc in aghaidh na scoilbhliana, in ionad íocaíocht chuile dhá mhí, mar a bhí á déanamh roimhe seo. Tá socaraithe go ndéanfar dhá réamhíocaíocht – ceann ag tús na scoilbhliana agus an dara ceann i mí Eanair - agus déanfar an fuílleach a íoc ag deireadh na scoilbhliana bunaithe ar éileamh íocaíochta a bheidh le seoladh ag an scoil chuig an Roinn.

Tá an chéad réamhíocaíocht de €2,200 in aghaidh an scoláire déanta ag an Roinn cheana féin le gach teaghlach atá ag cur lóistín ar fáil don scoilbhlian 2023/24.

Is ar bhonn phiolótach atá an socrú nua i bhfeidhm agus déanfar athbhreithniú air ag deireadh na scoilbhliana reatha.

Top
Share